‘Lá Stairiúl do Gaeil na Gaillimhe CLG’ – le bua ag Foireann na mBan

0
857
Bua ag Gaeil na Gaillimhe CLG (Foireann na mBan) - Galway Daily

Lá Stairiúl a bhí ann do Gaeil na Gaillimhe CLG inniu agus bua bainte amach ag foireann na mBan i cluiche craoibhe den chéad uair.

Bhain foireann na mBan Gaeil na Gaillimhe CLG an chéad bhua riamh i gcluiche craoibhe amach inniu agus iad ag imirt in aghaidh Ghráinne Mhaol ar an bPáirc Theas i nGaillimh.

B’í an cluiche deireanach sa tséasúr a bhí acu agus píosa staire bainte amach acu de dheasca an bua a bhí acu. Bhí 5 cúilín le spáráil ag mná Gaelacha na cathrach agus an scór dheireanach sa cluiche ná. 3-05 (Gaeil na Gaillimhe) in aghaidh 0-09 (Gráinne Mhaol).

Bunaíodh Gaeil na Gaillimhe CLG ag tús 2016 chun na cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe.

Anuraidh chuaigh foireann na mban agus foireann na bhfear chun páirce i sraitheanna agus craobhacha peile na Gaillimhe.

“Is cumann muid a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus táimid ag fás agus ag forbairt i gcónaí,” arsa Gaeil na Gaillimhe CLG.