Lá na Méan Soisialta – Craoltóirí RnadT beo ar Instagram

0
1093
Raidió na dTreabh - Meán Soisialta

Mar chuid do Seachtain na Gaeilge, beidh Lá Soisialta na Méan ar siúl inniu an séú lá déag do Mhí an Mhárta.

Is é atá i gceist leis an lá ná go mbeidh céiliúradh ar líne ar an dteanga Gaeilge mar go mbíonn chuid mhaith don Ghaeilge á n-úsaid ar na Méan  Soisialta.

Bheartaigh Seachtain na Gaeilge anuraidh, 2017 go ndéanfaidís chéiliúradh ar an nGaeilge ar líne le linn Seachtain na Gaeilge le Energia.

Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne agus is féidir Gaeilge a roghnú mar do theanga ar Facebook, Gmail, Twitter agus go leor eile.

Ar Déardaoin 16ú Márta 2017 bhí Lá na Méan Sóisialta ann don chéad uair agus chun páirt a glacadh ní raibh ort ach postáil a chur in airde ar chuntas ar ardán ilmhéanach ar bith agus na haischlib #LNMS17 a chuir leis.

D’éirigh go fíor mhaith leis an lá mar fheachtas idirnáisiúnta. Seoladh os cionn 3,000 tvuíteanna leis an #LNMS17, gan dearmad a dhéanamh comh maith ar na céadta póstálacha a cuireadh in airde ar Facebook, Instagram agus Snapchat. Bhí an haischlib sa dara áit ag treochtú in Éirinn ar Twitter comh maith.

I mbliana, inniu ach go háirithe, beidh craoltóirí Raidió na dTreabh ag glacadh seilbh ar an cuntas Instagram agus beidís ag craoladh beo ar feadh an lae ar fad. Beidh sé ag tosnú thart ar a naoi a chlog agus ag leanúint ar aghaidh go dtí na 6i.n.

Sé a mbeidh i gceist leis na ‘scéalta Insta’ ná beidh na craoltóirí ó Raidió na dTreabh ag dul i bhfeighil an Instagram ar feadh an lae, mar céiliúradh Lá Méan na Soisialta agus beidh siad ag tabhairt sonraí daoibh faoi na cláracha atá le cloisint.

B’fhéidir go mbeidh an láithreoir nua do chuid an chlann Raidió na dTreabh, mé féin, bhur iriseoir Gaeilge anseo i Galway Daily á craoladh beo ar Instagram Raidió na dTreabh go déanach sa tráthnónna ach caithfidh sibh dul sall go dtí an Instagram thart ar 4.20 chun seiceál an mbeidh mé ann nó nach mbeidh?

Muna mbeidh mé ann, beidh na craoltóirí eile ann ar feadh an lae agus iad ag tabhairt eolas daoibh ar na cláracha a mbeidh ar bun acu i mbliana. Dheineas féin mo chéad clár a thaifead le Radio na dTreabh inné agus is féidir é a chloisint anseo

https://soundcloud.com/raidionadtreabh/180314-boithre-na-smaointe

Ná déan dearmad Lá Na Méan Soisialta a chéiliúradh agus bhur chuid Gaeilge a n-úsáid agus téir chuig Instagram Raidio na dTreabh chun mórchuid craic a bheith agaibh.

Bainigí úsáid as na haischlib má tá sibh á núsáid an Gaeilge ar líne amárach. #Snag18 #LNMS18