Iomramh an Chamino ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe

0
1027
Iomramh an Chamino - Galway Daily

Tá ceithre lá le dhul roimh oscailt oifigiúl Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe a bheas á reachtáil ar feadh sé lá. Beidh Iomramh an Chamino á thaispéaint ar an dara lá.

Beidh Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe, féile idirnáisiúnta scannánaíochta a reachtáilfear chuile bhliain ar feadh sé lá á tosnú ar an 10ú Iúil agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 15ú Iúil.

Dé Céadaoin an 11ú Iúil ag a 6i.n. ins an Town Hall Theatre beifear á thaispeáint Iomramh an Chamino le costas €11 ar an ticéid.

S’éard é Iomramh an Chamino ná criú, san áireamh bhí scríobhneoir, dhá cheoltóir, ealaíontóir agus saoir cloiche a chuaigh ar thuras farraige go dtí an Chamino ar bháid a thógadar féin.

Turas ionsparáideach agus dainséarach a bhí ann dos na fir agus iad ag tabhairt fé aistear 2,500km i mbád a thógadar féin an slí ar fad ó Éire chuig tuaisceart na Spáinne.

Rámhaídear ó Éire sa Naomhóg (báid/currach traidisiúnta in Iarthar Chiarraí) agus leanadar an bhealach chósta dá sinsearaigh. Ar feadh na céadta bliana do bhíodh daoine ag seoltóireacht ó Éire go dtí Coruna i Tuaisceart na Spáinne agus ansin do shiúlfadh siad an Chamino go dtí Santiago de Compostela ó sin.

Thosaigh an criú ionsparáideach seo a leagan féin don iomramh stairiúl i 2014. Stopadar sna bailte cósta ar an tslí, ag campáil agus ag cócaireacht de réir mar a bhíodar ag dul, ag cruthú cairdeas nua agus iontas ar chuile duine a bhuail leo leis an mbád a bhí acu.

D’oscail chuile phobal a chuid doirse agus a chuid croíthe leis an nasc seo agus mar malartú thaispeáin an criú crógacht, seasmhacht, seanchas, ceol, filíocht agus amhránaíocht dóibh.

I 2017, áfach básaigh Dónal Mac an tSíthigh, duine don criú Iomramh an Chamino.

Bhásaigh sé go tragóideach amach ó chósta thiar na Spáinne ar an 9ú lá de Meitheamh 2017, nuair a bhuail tinneas é i ndiaidh a bheith caite amach i bhfarraige ag béal abhainn na Minho, an teorainn idir an Spáinn agus tuaisceart na Portaingéile.

Thit sé féin agus triúr eile amach as an naomhóg a bhí théis iompú béal fúithi. Liam Ó Maonlaí, Breandán Ó Beaglaíoch agus Pádraig Ó Duinnín iad an triúr eile a bhí ar bord.

D’éirigh leis an gceathar a bhí ar bord an cladach a bhaint amach, ach tuigtear gur éirigh Danny Mac an tSíthigh tinn agus go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin.

Ar dheis dé go raibh a h’anam dílis.