Imeachtaí a bheas ar siúl sa Taibhdhearc ó seo go deireadh na bliana.

0
814
Neart ar siúl sa Taibhdhearc i rith na bliana - Galway Daily

Beidh mórchuid d’imeachtaí ag teacht suas sa Taibhdhearc ó seo go deireadh na bliana. Seo a leanas liosta dos na imeachtaí a bheas ar siúl.

Taibhdhearc@90: seó stáitse ag céiliúradh 90 bliain á léiriú ag Maelíosa Stafford, Stiúrthóir Ceoil, Paddy Daly. Míreanna as saothair a facthas sa Taibhdhearc le 90.  Bheas an imeacht seo ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, 26&27 Deireadh Fomhair .

Taibhdhearc@90: beidh oíche i gcuimhne Réalt na Taibhdheirce, Siobhán McKenna. Tabharfaidh cara Shiobhán, Lelia Doolan léargas ar an aisteoir cáiliúil le cúnamh ábhar ón gcartlann a gcoinnítear in OEG. Amhrán Shaun Davey le Rita Connolly. Fear a’tí Lillis ó Laoire le caint ó Uachtarán na hOllscoile, Ciarán ó hÓgartaigh. Bheas an oíche seo ar siúl Dé Céadaoin, 7 Samhain 2018.

Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne: Ar an Sathairn 10 Samhain 2018 beidh scéalaíocht, ceol, amhráin ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le Aisteoirí Bhréanainn, agus an dhá dhráma, ‘An Fear Siúil‘ le Lady Gregory agus ‘Turas gan Tuisle’ le Thornton Wilder’.

Aisteoirí Bulfin, BÁC: Ar an Sathairn 17 Samhain 2018 beidh Aisteoirí Bulfin, BÁC le ‘Dearmad na Fola’, an dráma deireanach a scríobh Aodh Ó Domhnaill a fuair bás i mí Eanair 2018.

‘Tóraíocht an Yummy Mummy’: le Risteard ó Broinn a bheidh mar sheó na Nollag ag oscailt 14-21 Nollaig 2018.

Bhí dhá oíche ag an Taibhdhearc cheana féin i mbliana sa tsraith drámaí Gaeilge le grúpaí Gaeilge ar stáitse Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ag teacht le fís na Taibhdheirce, sé sin saothair i nGaeilge a chur ar fáil. Sin iad:

‘Níor Mhaith linn do Thrioblóid’ le Joe Steve Ó Neachtain ag Aisteoirí an Spidéil, 18 Márta 2018 (Teach lán)

‘Cripil Inis Meáin’ le hAisteoirí Chois Fharraige, 120 suíochán díolta, 25 Márta 2018.