Na hAinmniúcháin do Gradam Uí Ógartaigh fógartha

0
787
Gradam_2018 - Pheadair Uí Fhlatharta

Fógraíodh na hainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 agus anois tá an mholtóireacht ar bun ag Gaillimh le Gaeilge agus iad ar tí an gnó dátheangach is fearr i gCathair na Gaillimhe a lorg.

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dúnta anois d’ainmniuchán agus tá na moltóirí ag tabhairt faoin obair dúshlánach le gearrliosta, buaiteoirí catagóir agus buaiteoir iomlán a roghnú do 2018.

Bhí 21 gnó agus eagraíochtaí ainmnithe i mbliana ó réimse leathan earnálacha agus tá 14 cinn de na gnó istigh ar an nGradam don chéad uair.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Gaillimh le Gaeilge,

“Seo an dara bliain as a chéile ar sáraíodh an líon ab airde ainmniúcháin nua riamh. Cé go gcuireann muid fáilte mhór i gcónaí roimh rannpháirtithe atá ag cuir isteach ar an nGradam arís, is deas an rud é i gcónaí gnónna nua a fheicéail ag glacadh páirte ann.”

“Is deis iontach é an próiséis a bhaineann leis an nGradam d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht an Ghaeilge a chur ar taispéaint ina ngnó agus déanfaidh rannpháirtithe na bliana seo amhlaidh ‘le bród, le paisean agus le díograis.’ ”

“Is iontach an rud é anois go bhfuil sé ag éirí níos coitianta i nGaillimh a bheith i mbun gnó go dátheangach.”

Tá meascán de ghnónna nua agus gnónna seanbhunaithe ag glacadh páirte sa Ghradam i mbliana, ina measc an phríomhfhéile idirnáisiúnta ealaíon do pháistí sa tír, an comhlacht tacsaithe is mó i nGailimh, ceann do hóstáin is mó in iarthar na hÉireann, ionad leighis a bhfuil an-spéis acu sa Ghaeilge agus siopa mílseán gleoite atá lonnaithe i gcroílár na cathrach.

Tiocfaidh moltóirí an Ghradaim le chéile den chéad uair Déardaoin, 19ú Aibreán, leis an nGearrliosta a roghnú.

Fógróidh Méara Chathair na Gailimhe, an Clr Pearce Flannery, an gearrliosta ag méan lae, Dé Máirt 24 Aibreán ag preasócáid in Ionad Uí Dhonnachadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, Ollscoil na hÉireann, Gailllimh.

Is é an Galway Advertiser an príomhurraitheoir meán cumarsáide agus tá siad ag tacú leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig TG4 ar bord i 2016 agus beidh an dá eagraíocht meán cumarsáide ag cur pacáiste fógraíochta den scoth ar fáil don bhuaiteoir iomlán.

Tá liosta do nhAinmniúcháin uilig le fáil anseo.

Go néirí go geal leo uilig.