Níl gráin againn ar an Ghaeilge. ‘Sí an ábhar scoile a cruthaíonn an fadhb

0
1422
Irish language

Tá cheist an teanga Gaeilge i mbéil an phobal le fada an lá go mór mhór agus daoine ag caint faoin gráin atá acu don Ghaeilge agus iad ag caint uirthi ar nós gur teanga iasachta í, cé gurb í ár dteanga dúchais.

Deirtear i gcónaí go bhfuil an gráin ag daoine ar an Ghaeilge ach ní chreidim gurb í an Ghaeilge nach maith leo ach is é an slí a mhúintear é mar ábhair scoile a cruthaíonn an fadhb ollmhór.

Rugadh agus tógadh i gCiarraí mé agus táim i mo chónaí anseo sa Ghaillimh le beagnach dhá bhliain anois agus mé lán cinnte go bhfuil an teanga fós beo agus é ag dul ó neart go neart chuile bhliain.

É sin ráite le cúpla seachtain anuas bhíos beagáinín feargach nuair a chonaic gur chuireadh litir isteach go dtí an Independent faoi úsáid na Gaeilge sa Daingean. Bhí fear ó Corcaigh á maíomh nach raibh Gaeilge ar bith á labhairt sa Daingean nuair a raibh sé féin ann ar saoire beag.

Ar an gcéad dul síos táim chun cainte faoi seo mar ní chreidim go bhféadfadh duine cúpla lá a chaitheamh sa Daingean gan Gaeilge ar bith a chlois.  Tá sé dodhéanta gan blúire beag den teanga a chloistéal agus tú ag siúl timpeall na sráideanna.

Is baile turasóireachta í An Daingean gan dabht agus dá bharr sin caithfear riachtannaisí na turasóirí a thógaint san áireamh trí cumarsáide a dhéanamh leo i mBéarla ach níl sin le rá nach mbíonn muintir An Daingean sásta an Ghaeilge a lábhairt mar táid fíor bhródúil agus iad á labhairt.

Ceapaim féin go dtagann fadhbanna na Ghaeilge go mór mhór ón slí a mhúintear ar scoil é, mar ní tugtar an deis cheart dóibh siúd nach bhfuil ón nGaeltacht an teanga a fhoghlaim i gceart.

Bhuaileas le Meadbh Damery beagnach coicís ó shin, mac léinn anseo san Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun an cheist faoi úsáid an teanga Gaeilge sa choláiste a phlé.

Is Corcaíoch í Meadbh atá ag druidim i dtreo deireadh an dtarna bhliain ar an Choláiste áit atá sí ag déanamh staidéar ar BA Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin. Faoi láthair tá sí ag ullmhú dos na scrúdaithe samhraidh atá nach mór buailte linn agus d’fhreastal sí ar an fheachtas Lá Dearg na Mic Léinn a bhí ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Anuraidh dhein Meadhb staidéar ar an cúrsa BA Cumarsáid agus Gaeilge ach bhí sí in ann aistriú éasca go leor isteach sa chúrsa Aistriúchán. Tá Meadbh go hiomlán tumtha le saol na Gaeilge ar an choláiste idir an staidéar agus chomh maith le sinn tá sí bainteach leis an gCumann Gaelach.

“I mo shaol féin ar aon nós táim lán bhainteach leis an gCumann Gaelach agus bímse ag labhairt Gaeilge laistigh do mo rang, mar sa rang aistriúchán bíonn gach duine ag labhairt trí Gaeilge le chéile,” dúirt Meadbh.

“Go minic nuair a chuireann daoine cheist orm faoi saol na Ghaeilge san ollscoil sílim féin go bhfuil Gaeilge á labhairt ag gach duine mar go bhfuilimse sáinnithe san Áras na Gael an t-am ar fad ach is ollscoil dhá theangach atá inti. Fós féin ba cheart go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt.

“Ag an am chéanna nuair a bhíonn daoine ar an ollscoil ag déanamh staidéar ar an eolaíochta agus a leithéidí ábhar mar sin níl an Gaeilge páirteach dá saol.”

Is léir nach chuireann na ráflaí faoi bhás an teanga isteach ar Meadbh beag ná mór agus í ag tabhairt a tuairim féin ar an fáth is mó go bhfuil fadhb againn leis an teanga faoi láthair.

“Ag teacht amach as an méanscoil is fuath le daoine an Ghaeilge, ní hé go bhfuil fuath acu ar an teanga ach feictear mar ábhair í agus mar sin tá fuath acu ar an ábhar.

“Tá daoine ann a tháinig ó Meanscoileanna Béarla a cheapann go bhfuil an Ghaeilge ag baint le aistí ar an córas oideachas agus an córas sláinte in Éireann mar nuair a raibh siad ar scoil d’fhoghlaim siad na nathanna cainte a bhí bainteach le chúrsaí scoile amháin. Caithfear taispéant gur teanga í gur féidir freastal ar gach uile thráth.”

Ceann dos na fadhbanna eile atá bainteach le úsáid an Ghaeilge, nó neamhúsáid na Ghaeilge ná go bhfuil faitíos orthu siúd nach bhfuil líofa é a labhairt. Feictear mórchuid do dhaoine agus iad ag cúlú siar nuair a thosaíonn comhrá as Gaeilge.

Ní hé go bhfuil gráin ag an chuid is mó dóibh siúd ar an dteanga ach tá eagla orthu í a labhairt mar go bhfuilidís buartha nach mbeidh sé ceart acu. An gráin atá ag daoine i ndáiríre ná go mbeidís mícheart ag baint úsáid as na focal nó na h-abairtí.

Níl an gráin acu ar an teanga beag ná mór ach, ta sé níos éasca dóibh cur i gcéill go bhfuil an gráin acu ar an dteanga in ionad an fhírinne a rá, go bhfuil faitíos orthu nach mbeidís i gceart i gconaí.

Mhínigh Meadbh go bhfuil meoin diúltach ann bainteach leis an Ghaeilge go gcaithfear fáil réidh leis,

“Táim timpeall an Ghaeilge agus ní chreidim go bhfuil sí ag fáil bhás ach nuair a bhímse ag labhairt le daoine agus nuair a bhímse ag chuir rudaí suas ar Facebook maidir le eachtraí a bhíonn ar siúl sa chumann bíonn daoine ag gáire faoi.

“Cheapann siad go bhfuil an teanga sin marbh, fiú mo chairde sa bhaile a d’fhreastal ar scoil lán Gaeilge agus tuigeann siad go maith nach bhfuil. Tá an meon sin ann gan amhras de bharr nach labhraítear é agus nach cloisfear é. Cloisfear go minic ar an gcampas é agus fiú nuair a bhím féin ag siúl tríd an cathair tá sé le clois.

“Fós féin tá an meoin sin ann agus caithfear é a bhaint ó daoine ionas nach mbeidh an eagla sin orthu í a labhairt.”

Gan dabht tá sé fíor éasca an mhilléain a chur orthu siúd nach mbíonn ag baint úsáid as an Gaeilge ach caithfear an fadhb a réitigh go luath mar is iad na mic léinn seo a bheas mar an chéad ghlúin eile agus muna n-úsáidtear an teanga tá seans ollmhór go mbásfaidh sí.

Labhair Meadbh go bhródúil faoi todhchaí an Ghaeilge agus í lán cinnte go mairfeadh an teanga ar feadh tamaillín beag eile ar aon nós.

“Is dócha gurb iad na méain soisialta agus cumarsáide an bhealach is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus is léir go bhfuil sin ag tarlú cheana féin.

“Is ar na méain a chloistear agus a léitear a leithéid de Aindriú de Paor agus daoine óga fuinniúla a chuireann an Ghaeilge chun cinn go nádúrtha. Ní Gaeilge amháin a bhíonn á phlé ach cúrsaí reatha, scéalta i mbéil an phobal, fiú ábhair amaideacha greannmhara.

“Tá deiseanna ann dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoin gCumarsáid trí Ghaeilge, go háirithe anseo i nGaillimh áit a reachtáiltear cúrsa Cumarsáide go hiomlán trí mhéan na Ghaeilge agus fiú mura bhfuil daoine ag iarraidh céim a bhaint amach sa chumarsáid tá deiseanna ann le Raidio na dTreabh, Raidio Fáilte agus Raidió na Life.

“Is iad na rudaí beag ar nós scaigairí snapchat trí Ghaeilge a dhéanann an difríocht ar bhonn leibhéal. Is tríd na meáin a snífear an Ghaeilge isteach i gnáthshaol agus gnáthchaint na ndaoine.”

Is léir ó bheith ag caint le Meadbh nach bhfuil an Ghaeilge ag fáil bhás agus ní bheidh sé má leanann na daoine óga ar aghaidh ag baint úsáid as an dteanga sa saol soisialta mar aon leis an gnáth shaol. Áis iontach í Raidió na dTreabh do muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaillimhe gur mian leo an Ghaeilge a úsáid.

Ar scáth a chéile a mhairimid agus le chéile is féidir linn an Ghaeilge a chur chun cinn trí a bheith á labhairt agus a bheith bródúil aisti. Sí ár dteanga dúchais íagus níl sí chun fáil bhás go fóill.