Gearóid McInerney ainmnithe le tosnú do Craobh na hÉireann

0
713
Gearóid McInerney le tosú don Craobh - Galway Daily

Tá Gearóid McInerney ainmnithe le tosnú do Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar an Domhnach beag seo 19ú Lúnasa.

Beidh McInerney thar nais ag uimhir a 6 don Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann i gcoinne Luimneach théis an ghortú a bhí aige.

Ghortaigh McInerney a rúitín nuair a d’imir an Gaillimh i gcoinne an Chlár sa chéad cluiche agus ní raibh sé láidir i dhóthain chun teacht chun páirce don ath-imirt.

Tabhairfidh seo níos mó muiníne do foireann iománaíochta na Gaillimhe go bhfuil McInerney, an cúlaí láir thar nais don Cluiche Ceannais.

Cluiche teann, dian a bheas ann agus muintir na Gaillimhe ag súil go mbeidh an Corn Liam Mac Cárthaigh ag teacht thar nais go dtí an nGaillimh don dara bliain as a chéile.

Is i 1997/1998 a dhein an Gaillimh an bheart cheana leis an Craobh a bhuacant dhá bhliain in dhiadh a chéile agus iad ag súil leis an rud chéanna a dhéanamh i mbliana.

Seo a leanas an foireann a bheas ag tosnú ar an Domhnach.

  1. James Skehill
  2. Adrian Tuohy
  3. Daithí Burke
  4. John Hanbury
  5. Padraic Mannion
  6. Gearóid McInerney
  7. Aidan Harte
  8. Johnny Coen
  9. David Burke
  10. Joseph Cooney
  11. Joe Canning
  12. Johnathan Glynn
  13. Conor Whelan
  14. Conor Cooney
  15. Cathal Mannion

Beidh an cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar siúl Dé Domhnach seo an 19ú Lúnasa i bPáirc an Crócaigh ag 15.30 i.n. Beidh Scáileán Mór ar an Fhaiche Mór d’éinne nach bhfuil ag dul suas go Baile Átha Cliath agus iad ag iarraidh sult a bhaint as an cluiche.

Beifear ag súil go mbeidh an báisteach uile atá tuartha le teacht oíche Dé Satharn imithe roimh an Domhnach.

Ádh mór le foireann na Gaillimhe!