An bhfuil Gaillimh ar an slí don dúbalt i mbliana?

0
900
Muineacháin v's Gailimh

An mbeidh an Ghaillimh in ann an dúbalt a dhéanamh i mbliana?

An mbeidh siad in ann Craobh na hÉireann sa chaid agus san iománaíocht a mbuacaint? Is í an dúbalt ag dul go dtí an Ghaillimh i mbliana an chaint atá san aer le cúpla lá anuas théis an cluiche a d’imríodar ar an Domhnach (15ú Iúil).

Bhuaigh an Ghaillimh i gcoinne Ciarraí sa chaid Dé Domhnach, don chéad uair i 53 bliain agus táthar anois ag súil go ndeánfaidís an dúbalt i mbliana. Táthar ag caint faoi beagáinín staire a athdhéanamh i mbliana mar a bhí déanta i 1998 nuair a dheineadar an dúbalt cheana.

20 bliain ó shin dhein Gaillimh an chaid agus iománaíocht a bhuacaint agus tá ráflaí cruthaithe anois gur i mbliana beidís á dhéanamh an rud chéanna go háirithe mar nuair a bhuadar i 1998 b’iad an Fhrainc a bhuaigh an Corn Domhanada agus b’shin a tharla i mbliana.

Píosa Beag Staire – An mbeidh an Gaillimh ábalta an chaid a bhuacaint i mbliana

Fé láthair tá an Ghaillimh ar an bóthair cheart agus iad ar barr an mboird théis na Super 8’s an deireadh seachtaine seo.

Cabhair iontach dóibh bheith ar barr an mboird agus iad ag tabhairt aghaidh ar Cill Dara, i Droichid Nua Dé Domhnach seo chughainn, agus tá seans ann go mbeidís ag faire ar spota sa leath cheannais má eiríonn leo an bua a fháil.

Mar Ciarraíoch i’m chónaí anseo sa Ghaillimh, bhí sé deachair an chailliúnt a slogadh mar go raibh mé muiníneach as foireann na Ríochta. D’imríodar thar barr i gcoinne Corcaigh i Craobh na Mumhan agus cheapas go rabhamar ar tí foireann nua buacach a bheith againn.

Cad a tharla dúinn ar chor ar bith? Níor thánamar chun páirce ar an Domhnach is léir agus droch cluiche ar fad againn. Ní raibh an atmaisféar iontach ach oiread agus mórchuid do dhaoine ag faire ar an Corn Domhanda ach nílimid chun aon leithscéalta a thabhairt. Níor imir leaids Ciarraí ar an Domhnach agus anois sílim go bhfuil an t-am beagnach suas dúinn i mbliana.

Beidh cluiche fíor dheacair ag Ciarraí thuas i Clones i Múineacháin, Dé Domhnach seo chughainn an 22ú Iúil agus beidh orthu an cluiche a bhuacaint chun seans a bheith acu fanacht sa comórtas.

É sin ráite beidh mé ag faire ar an Ghaillimh pé scéal é agus mé ag tnúth le cluiche maith uathu siúd i gcoinne Cill Dara, cé go mbeidís gan Paul Conroy, théis an droch gortú a fuair sé ar an Domhnach an 15ú Iúil.

Beidh an Ghaillimh ag tabhairt aghaidh ar Cill Dara, i Droichid Nua Cill Dara, Dé Domhnach an 22ú Iúil ag a 2i.n.