Gaeltachtaí na hÉireann agus Albain chun tairbhe a bhaint as ceangal cómhalartach

0
1171

Tá sé fógartha go mbeidh Gaeltachtaí na hÉireann agus Albain chun tairbhe a bhaint as ceangal cómhalartach Oifigí Gnó atá cruthaithe idir Gaeltachtaí na hÉireann agus Albain mar chuid de Mhisean Trádála Gnó.

Fógraíodh inniu (19 Deireadh Fómhair 2018) go mbunófaí oifigí trádála cómhalartacha chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht & deiseanna trádála a éascú.

Is iad Cumann Tráchtála Lodainn Thiar (West Lothian Chamber of Commerce) atá ina gceann feáin ar an gceangal seo i gcomhar le Cumainn Tráchtála na hAlban (Scottish Chambers of Commerce) agus Údarás na Gaeltachta, an chéad cheann dá leithéid riamh d’Albain agus don Ghaeltacht.

Feidhmeoidh an socrú mar acmhainn luachmhar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag iarraidh a bpáirtíocht idirnáisiúnta B2B a leathnú.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D.:

“Is céim mhór chun tosaigh é an fógra seo do Ghaeltacht na hÉireann agus cuireann sé béim ar thionchar náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeltachta agus na féidearthachtaí a eascraíonn as comhaontais agus as comhoibriú.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do mo leath bhádóir, Joe McHugh T.D. a chruthaigh naisc láidre le hearnáil ghnó na hAlban le linn mhisean thrádála i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le hionadaithe ó mo Roinn i mí Iúil 2018. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil anois le fógairt an cheangail chómhalartach inniu.

“Tabharfaidh ceangal na n-oifigí trádála cómhalartacha misneach do cheantair Gaeltachta a dtabharfaidh muid a dtacaíocht dóibh. Léiríonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfreastruchtúr agus córais iompair chuí a chur ar fáil i gceantair tuaithe, ” a críochnaigh an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D.