Slua Breá ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge

0
930
Fulacht Fia - Galway Daily

Bhí tonn teasa go leor nuair a tháinig an ghrian amach agus í ag scoilteadh na gcloch chun fáilte a chur le Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge.

Bhain Cairde agus Stiúirthóirí Ghaillimh le Gaeilge ardtaithneamh as tráthnóna álainn ceoil agus bia ag an bhFulacht Fia bliantúil a réachtáladh Dé hAoine seo chaite an 22ú Meitheamh sa Galmont Hotel & Spa, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh.

Is iad Cairde Ghaillimh le Gaeilge Ollmhargaí na Seoighe, Gaillimh, an Comhlacht Tógála Stewart agus Sweeney Oil a rinne urraíocht fhlaithiúil ar an bhFulacht Fia agus tugann Gaillimh le Gaeilge buíochas dóibh siúd.

Fulacht Fia Chairde Gaillimhe le Gaeilge - Galway Daily

Ag an ócáid, chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, fáilte mhór chroíúil roimh Mhéara nua-thofa Chathair na Gaillimhe, an Cllr Niall McNelis, a toghadh le déanaí.

Chomh maith leis sin, ghabh sí buíochas leis na heagraíochtaí ar fad a thugann maoiniú dóibh. Is ón gCranchur Naisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a fhaigheann siad an chuid is mó den tacaíocht. Faigheann siad tacaíocht comh maith ó Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge trí Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Tá an tacaíocht seo riachtanach don eagraíocht lena seirbhísí agus tacaíochtaí praicticiúla éagsúla a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid mar chuid dá ngnólachtaí agus dá n-eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe.

Ghabh sí buíochas leis na meáin chumarsáide lena dtacaíocht ag coinneáil ‘scéal Ghaillimh le Gaeilge’ i mbéal an phobail.

Chuir an Gypsy Jazz Trio siamsaíocht ar fáil don slua agus iad ag baint sult as an mbia blasta i Coopers Bar sa Galmont Hotel & Spa.

I measc Stiúirthóirí agus Chairde Ghaillimh le Gaeilge bhí; David Hickey, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Alan Esslemont Ardstiúrthóir TG4, an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, Emma Dillon-Leetch Connacht Hotel (Buaiteoirí Gradam 2018) an Teachta Dála Eamon Ó Cuív, Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe: an Clr Dónal Lyons, an Clr Pádraig Conneely, an Clr Terry O’ Flathery chomh maith le Declan Varley Eagarthóir Grúpa an Galway Advertiser agus Bernadette Prendergast ó Galway Bay FM.

Cuireann an Fulacht Fia críoch oifigúil le himeachtaí soisialta/líonraithe Ghaillimh le Gaeilge go dtí mí Mheán Fómhair agus tugann sé deis don eagraíocht buíochas a ghabháil lena cuid Cairde ar fad agus leo siúd a thacaíonn leis an eagraíocht.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil maidir leis an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge trí ríomhphoist a chuir chuig gearoidin@gleg.ie, nó glaoch a chur ar 091 568876 nó fiú dul chuig an suíomh idirlín ag www.gleg.ie.