Foláireamh tugtha ag Met Éireann do titim báistí ar an Luan

0
893
Galway Daily weather Weather warning for heavy rain and possible flooding now in effect

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann do titim báistí ar an Luan.

De réir suíomh Met Éireann tá stádas buí á thabhairt do Gaillimh agus Maigh Eo ar an Luan. Idir meánlae agus meán oíche ar an Luan an 17ú Meán Fómhair táthar ag súil le 25 – 40 mm do titim báistí in Iarthar na Gaillimhe agus i Co. Maigh Eo le baol tuilte in áiteanna.

Tá an foláireamh bailí ón Luan 17 Meán Fómhair ag 12:00 go Luan 17 Meán Fomhair 23:59.

Tagann an foláireamh seo théis a ndúirt Met Éireann go bhfuil comharthaí ann go d’fhéadfaidh Stoirm Helene teacht chomh fada le Éireann.