Fógairt déanta maidir le Phleanáil Teanga do Chathair na Gaillimhe

0
806
Phleanáil Teanga do Chathair na Gaillimhe

Sé an Dr John Walsh agus Dr Dorothy Ní Uigín a bheas i gceannas ar fhoireann saineolaithe sa phleanáil teanga do Chathair na Gaillimhe.

Tá sé fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge go mbeidh an Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gceannas ar fhoireann saineolaithe sa phleanáil teanga chun plean teanga seacht mbliana (2019-2026) a ullmhú agus a sheachadadh do Chathair na Gaillimhe.

Is é cuspóir phlean teanga Chathair na Gaillimhe, de réir pholasaí an Rialtais, cur le húsáid agus eolas cumarsáide na Gaeilge mar theanga pobail i gCathair na Gaillimhe ar bhonn incriminteach.

Bhunaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge coiste stiúrtha nua (Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh) le tacú le agus treoir a thabhairt d’ullmhú agus seachadadh plean teanga do Chathair na Gaillimhe. Tá ionadaíocht ar an gCoiste ó na hearnálacha poiblí, príobháideacha, pobail agus deonacha i gCathair na Gaillimhe.

Ag tagairt don phlean teanga, deir Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe an-sásta bheith páirteach sa tionscnamh seo do Chathair na Gaillimhe. Tabharfaidh sé struchtúr éifeachtach mar aon le bonn acmhainní do phleanáil teanga inbhuanaithe i gCathair na Gaillimhe don tréimhse 2019-2026 agus thairis sin.”

Deir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge:

“Tá tréimhse spreagúil amach romhainn, ní hamháin don Ghaeilge ach do Chathair na Gaillimhe chomh maith. Mar bhaill do CSPT Gaillimh, tá muid ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an Dr John Walsh agus an Dr Dorothy Ní Uigín, agus muid ag freastal ar mhuintir na Gaillimhe chun réimse de thionscadail phraiticiúla agus insroichte, a bheas éifeachtach ó thaobh costais de, a leagan amach.

“Beidh tréimhse ar leith i gceist leis na tionscadail. Is é cuspóir an phlean ná úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil a chur níos faide chun cinn, a chothú agus a mhéadú chomh maith le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach na hÉireann a chur i bhfeidhm ar bhealach níos suntasaí.”

Ag labhairt dó ar an obair atá amach rompu, dúirt an Dr John Walsh:

“Le linn na míonna amach romhainn, táimid ag súil le dul ag obair leis an gCoiste Stiúrtha Pleanála Teanga, Gaillimh le cinntiú go ndéanfar plean teanga rathúil a ullmhú don chathair.  Beidh dhá chéim i gceist leis an tionscadal pleanála: ar an gcéad dul síos, déanfar athbhreithniú ar thaighde cuí atá déanta cheana agus ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta; agus ar an dara dul síos, déanfar beart comhairliúcháin a reáchtáil leis na páirtithe leasmhara cuí.

“Tá súil againn freisin tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais agus ar mhianta na ngréasán Gaeilge atá ag feidhmiú sa chathair i láthair na huaire.”

Tá an Dr John Walsh ina Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúr. Múineann sé an tsochtheangeolaíocht ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime. Tá an Dr Dorothy Ní Uigín ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá spéis faoi leith aici i dteagasc agus sealbhú teanga.