Fios Físe ar thóir Paineál Lucht Féachana & Éisteachta de chuid TG4 & RnaG

0
1041
fios físe - Galway Daily

Tá Painéal Lucht Féachana agus Éisteachta de chuid TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta á lorg ag Fios Físe.

Tionscnamh é Fios Físe atá bunaithe ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin le TG4 agus le RTÉ.

Bunaíodh an tionscnamh le tomhais a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag Pobal Labhartha na Gaeilge ar TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Faigheann TG4 staidrimh féachana seachtainiúla ó TAM Ireland Nielsen agus faigheann RTÉ staidrimh rialta ón JNLR maidir le Raidió na Gaeltachta.

Baineann na staidrimh sin le pobal féachana agus éisteachta na gcraoltóirí in Éirinn trí chéile. Tá sé mar aidhm ar leith leis an togra seo faisnéis agus tuairimí a bhailiú maidir le pátrúin féachana agus éisteachta phobal labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Tá Gaeilgeoirí á lorg a bheadh sásta suirbhé beag cúpla nóiméad faoi sceidil TG4 agus RTÉ Raidio na Gaeltachta a líonadh.

Is féidir an suirbhé a líonadh ar do ríomhaire, ar d’fhón póca, iPad etc. Ní gá go mbreathnaíonn tú ar TG4, nó go n-éistíonn tú le Raidió na Gaeltachta, go rialta, le páirt a ghlacadh i Fios Físe.

Tá sé dírithe ar phobal labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Scaiptear an suirbhé uair sa tseachtain.

Mar chomhartha aitheantais do na baill a líonann an dialann go rialta réachtáltar crannchur gach mí. Bíonn duaiseanna bréatha ar fáil.. 6 Dhearbhán One4all ar luach €100-€500 le buachan gach mí.

Is féidir clárú ar http://www.fiosfise.ie/fiosru.asp agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ag www.fiosfise.ie nó trí ríomhphoist a chur chuig eolas@fiosfise.ie