Féile Máthair Teangacha fógartha do 2019

0
1055
Féile na Máthair Teangacha

Tá Féile na Máthair Teangacha fógartha le bheith ar siúl ar an 23ú Feabhra 2019 sa Gaillimh.

Théis an rathúileacht a bhain leis an chéad eagrán do na Máthair Teangacha (Mother Tongues) táid théis fógairt go mbeidh Féile na Máthair Teangacha ar siúl i mBaile Átha Cliath agus an Gaillimh go luath i 2019.

Beidh Féile na Máthair Teangacha ar siúl ins an Gaillimh ar an 23 Feabhra agus beidh sé ar siúl ansin i mBaile Átha Cliath ar an 2ú agus 3ú Márta.

Is céiliúradh a bheas ann d’éagsúlacht teangacha anseo in Éireann agus beidh iomaí taispeántaisí agus ceardlannaí ar siúl in ana chuid teangacha éagsúla.

Beidh an féile oiriúnach do chuile aois agus faoi láthair táthar ag glacadh le suim ó ceoltóirí, scríobhneoirí, scéalaithe, aisteoirí agus aithriseoirí eile.

Is féidir leis na taispeántaisí agus/nó ceardlannaí a bheith in aon teanga a labhraítear in Éireann, ach tabharfar tosaíocht dos na teangacha eile seachas Béarla.

Caithfidh na h-aithriseoirí a bheith bunaithe anseo in Éireann agus b’é an 15ú Méan Fomhair an dáta dheireanach a tógfar iarrataisí.

Chun do iarratas a dhéanamh ní gá duit ach brú anseo.

Chun tuilleadh eolas a fháil faoi Féile na Máthar Teangacha is féidir dul i dteagmháil le Bainsiteoir na Féile Elena ag: elena@mothertongues.ie