Fear óg ón Ceathrú Rua duine de cúigear ainmnithe ar gearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018

0
1123
Oireachtas na Samhna - Galway Daily

Tá fear óg ón Ceathrú Rua ainmnithe ar gearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018.

D’fhoilsigh an tOireachtas an gearrliosta inné (11ú Meán Fómhair) agus bain an fear óg ón Ceathrú Rua, Eoghan Ó Loideáin áit amach ar an ngearrliosta.

Ceathrar eile átá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo i dteannta Eoghan Ó Loideáin (Dochreidte, Gan Dabht, Whiz sa Chistin agus Cleas Act ar TG4).

B’iad an ceathrar eile atá ar an ngearrliosta ná, Niamh Ní Chróinín (Raidió RíRá/RTÉ Raidió na Gaeltachta/Spin1038), Damien ó Dónaill (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Ciara Ní É (Blagálaí), agus Doireann Ní Ghlacáin (Fleadh TV, TG4).

Ba ar Sláine Ní Chathalláin (RTE Raidió na Gaeltachta) a bronnadh gradam Réalta Óg na Bliana 2017.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh seans ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den chuigear trí théacs a sheoladh.

Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 30 Deireadh Fómhair 2018, le costas €1.00/£1.00 ar chuile téacs

Seo mar a labhair Stiúrthóír an Oireachtas Liam Ó Maolaodh maidir leis an ngearrliosta,

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltáí óga atá ar an ghearrliosta na bliana seo.

“Chuireamar tús leis an ngradam seo i 2015 agus is iontach an spreagadh a thugann sé don dream óg atá ag obair in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.

“Tá éacht faoi leith bainte amach ag gach duine atá ainmnithe agus tá ríméad orainn san Oireachtas an t-aitheantas ceart a thabhairt dóibh,” a deir sé.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide uile an Oireachtais 2018 a bheidh ar siúl san INEC, Cill Áirne, Co. Chiarra, Dé Céadaoin 31 Deireadh Fómhair 2018, le linn Oireachtas na Samhna.

Is féidir an t-eolas ar fad faoi conas ar féidir do vóta a chaitheamh a fháil anseo.

Ádh mór libh uilig atá ar an ngearrliosta.