Faisean, Craic, agus Gradaim ag na IFTA’s i mBaile Átha Cliath aréir

0
766
IFTA's

Bhí na IFTA’s lán do faisean, craic agus Gradaim aréir ag an RDS i mBaile Átha Cliath.

Is eagrúchán Éireannach é an IFTA (Irish Film and Television Academy) leis an aidhm atá acu ná sármhaitheas i Scannánaíocht agus Teilifís Éireannach a spreagadh trí ardán do ionsparáid, forbairt cruthaitheach agus comhoibriú thar an earnáil ar fad.

Bíonn dhá Searmanas Gradam Bliantúil, na Gradam do Scannánaíocht agus Drámaíocht agus na Gradaim Teilifíse agus b’í an Searmanas do Gradam na Teilifíse a bhí ar siúl aréir.

Tháinig os cionn 400 duine de muintir na teilifíse agus an scáileáin beag ó fud fad na tíre le chéile san RDS aréir.

Jason Byrne a bhí ag chur an oíche i láthair agus bhí neart pearsantaí eile le feiscint ar stáitse agus iad ag bronnadh na gradaim ar na bhuaiteoirí.

Bhí gúnaí fada galánta i ngach sort dath á chaitheamh ag na mná agus bhí na tux ar na fir, chuid dóibh ag caitheamh carbhat agus fir eile a bhí níos traidisúnta leis na cuachóga.

Do bhuaigh TG4XX Beo an gradaim sa chatagóir Craoladh Beo, agus é tuillte go maith théis an t-uafás oibre a chuireadar féin agus Gifted Empire Productions isteach d’ullmhúchán na hoíche.

Bhí an t-ádh orm féin a bheith páirteach le foireann den scoth agus mé ag chuir fáilte roimh na h-aíonna ar fad ar an oíche úd sin.

Oíche Shamhna 2016 a bhí ann leis an stáistiún ag céiliúradh éacht den scoth agus iad ag craoladh 20 mbliain ar an bhfód.

Thánadar beo an oíche sin ón cearnóg (Quadrangle) in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ó baile TG4 i Baile na hAbhann, Chonamara,  ó Tigh Tabhairne Páidí Ó Sé, Gaeltacht Chiarraí Thiar agus ó Ionad Cois Locha, Gaoth Dobhair, Co Dún na nGall.

Is cúis bhród domsa go rabhas páirteach leis an t-aicsean ar fad agus mé ag freastal ar an Ollscoil ag déanamh mo Mháistreachas i Scríobhneoireacht ag an am.

Ceann dos na himeachtaí a tharla sa cholásite a bheidh liom go deo agus mé lán sásta go rabhas in ann cabhair a thabhairt dóibh ar an oíche mhór.

Scéal don scoth ar maidin ag cloisint gur thógadar leo an Gradam le haghaidh an Chatagóir Craoladh Beo agus é tuillte go rímhaith acu.

Ní shin é an t-aon gradam a thug TG4 leo ag na IFTA’s aréir mar bhuaigh an FirBolg Gradam sa rannóg cláracha Gaeilge freisin.