Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta – Bronnta den chéad uair

0
743
Gradam_2018 - Pheadair Uí Fhlatharta

Bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Achmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta ar Bhernie Ó Conaill oíche Déardaoin.

Tharla an bhronnadh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta, go luath tráthnóna Déardaoin 24ú, os comhair a mhuintire, a chairde agus a chomhgleacaithe.

Bhí an tAire Stáit ag freastal ar Bhronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – gradam gnó dátheangach na Gaillimhe – in éineacht le breis agus 100 aoi eile in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh. B’é seo an chéad uair a rinne Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge bronnadh dá leithéid i gCathair na Gaillimhe.

Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta i gcompháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá sé i gcuimhne an Dr. Peadar Ó Flatharta, an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge. Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a roghnaíonn na hainmniúcháin agus bronntar é ar dhaoine nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach go sonrach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Tár éis don Aire Stáit Seán Kyne, TD, an píosa dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney a bhronnadh ar Bhernie, dúirt sé:

“Táim an-bhródúil as a bheith ainmnithe ag Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge do ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta’, go raibh míle maith agaibh.

“D’oibrigh mé le Peadar agus bhí an-mheas agam ar an bhís a bhí aige don Ghaeilge go mór mór sa chathair áirithe seo. Cé gur minic a leirigh sé imní gaoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, chreid sé i gcónaí go raibh deiseanna le tapú i saol gnó na cathrach a bheadh ina chuidiú mhór don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don Chathair araon.

“Táim cinnte go mbeadh sé an-sásta inniu leis an dul chun cin atá déanta agus chomh feicéalach agus atá an Ghaeilge i gcultúr agus saol gnó na cathrach. Go mba fada buan sibh a chairde.”

Thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey le Bernie agus dúirt:

“Shocraigh Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta a bhronnadh ar Bhernie Ó Conaill de bharr an obair mhór atá déanta aige i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh.

“Tá aithne mhaith ar a chuid oibre sa saol spóirt, san earnáil oideachais agus sna meáin chumarsáide ach go háirithe. Is léis do dhaoine, tar éis casadh leis den chéad uair go bhfuil cion agus ardmheas ar leith aige ar an nGaeilge agus go bhfuil sí lárnach ina shaol pearsanta agus proifisiúnta ar aon.”

Lean sí ar aghaidh agus dúirt. “Is ábhair bróid dúinne chomh maith mar Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge an comóradh seo a dhéanamh ar Pheadar agus ar an tréimhse a chaith sé go fial flaithiúil linn i nGaillimh le Gaeilge.

“Smaointeoir doimhin fadbhreathnaíoch a bhí ann, dírithe ar an sprioc fhadtéarmach i gcónaí. Rinne sé stiúradh stuama ar an eagraíocht agus bhí sé i gcónaí ina chara dílis dúinn.”