Dhein Stoirm Ali raic inné i nGaillimh agus bean ón Eilbhéis marbh

0
847
Galway Daily news Holidaymakers told to avoid coastal areas as Storm Ellen approaches

Bhí foláireamh aimsire stádas oráiste do ghaoithe eisithe ag Met Éireann do Chontae na Gaillimhe, agus raic déanta ag Stoirm Ali inné.

Stádas Oráiste a bhí ann cé go raibh mórchuid do dhamáiste déanta mórthimpeall na Gaillimhe inné agus scéal tragóideach faoin bean ón Eilbhéis a mharaíodh nuair a raibh a charbháin séidte thar aill de bharr na ghaotha láidre.

Tuairiscítear gurb turasóir ón Eilbhéis í an bhean atá sna 50idí.

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn a chuid chomhbhrón le teaghlaigh an bhean.

Dúirt sé:

“D’fhéadfadh go mbeadh contúirt ag baint leis na gaotha láidre inniu agus impím ar gach duine aird a thabhairt ar na foláirimh atá á dtabhairt ag na húdaráis agus a bheith cúramach nuair atá sibh ag taisteal nó amuigh faoin aer.

“Ba chúis mhór bhróin dom a chloisteáil go bhfuil duine tar éis bháis sa Chladach Dubh i gContae na Gaillimhe inniu. Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá clann.

“Ba mhaith liom an deis a thapú, freisin, le moladh a thabhairt do na heagraíochtaí reachtúla agus deonach ar fud na tíre, atá ag tabhairt cúnaimh agus atá réidh le cabhrú lena gcomhshaoránaigh, agus atá ag obair chun seirbhísí riachtanacha a choimeád ar siúl.”