D’fhreastal slua mór ar seoladh An Reiviú in Ollscoil na hÉireann Gaillimh inniu

0
801
Aula Maxima - An Reiviú

D’fhreastal slua mór ar seoladh An Reiviú in Ollscoil na hÉireann Gaillimh tráthnóna inniu.

Bhí slua mór ag an seoladh oifigiúl a bhí ar siúl ag a 5i.n. inniu san Aula Maxim in Ollscoil na hÉireann Gaillimh d’ An Reiviú.

Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo:

  • An tAistriúchán
  • Cúrsaí Cumarsáide
  • Léirmheasanna
  • Pleanáil Teanga
  • An tSochtheangeolaíocht
  • Teagasc Teangacha
  • An Teangeolaíocht
  • An Teicneolaíocht

Seo an 6ú eagrán de An Reiviú atá foilsithe anois, is foilseachán bliantúil é a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear.

Creideann foireann na hirise go bhfuil An Reiviú ina achmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus dóibh siúd go bhfuil spéis acu sa cúrsaí teanga.

Bíonn ailt san áireamh san iris a scríobh idir mhic léinn iarchéime agus luch léinn na hearnála.

Ag an ócáid freisin dheineadar seoladh ar Aip an Fhoclóra. Mar chuid de chéiliúradh Bhliaibn na Gaeilge 2018 bheartaigh Foras na Gaeilge aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a chur ar fáil saor in aisce. Is féidir an aip a fháil anseo do ghléasanna Apple agus anseo do ghléasanna Android.

Deis iontach é anois i mbliana an Ghaeilge a chur chun cinn go háirithe leis an Aip nua saor in aisce agus é seolta go hoifigiúl anois.