Deontas de chuid €325,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Ealaín na Gaeltachta

0
849
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Tá deontas de chuid €325,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Ealaín na Gaeltachta chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta.

Tá sé fógartha ag Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, go bhfuil deontas suas le €325,000 ceadaithe aige d’Ealaín na Gaeltachta chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbliana atá le teacht.

I gcomhréir le gealltanas a tugadh sa Phlean Gníomhaíochta 5-Bliana don Ghaeilge a foilsíodh le déanaí, is méadú de €45% é seo ar an allúntas faoin gclár seo a ceadaíodh i leith 2017/18.

Faoin gclár nua, déanfar leathnú agus forbairt ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile. I measc ghnéithe an chláir, beidh an méid seo a leanas:

  • Iniúchadh cuimsitheach ar na deiseanna oiliúna sna healaíona traidisiúnta atá ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ar fad i láthair na huaire;
  • Soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil i nGaeltacht na Gaillimhe. Déanfar freastal ar na scoileanna a mbíodh ranganna ar siúl iontu roimhe seo agus ar scoileanna eile ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa chlár;
  • Soláthar ranganna trí Scoil Cheoil na Crannóige i nDún na nGall agus trí Ionad Cultúir an Dochtúir Ó Loingsigh i gCorcaigh, leis an soláthar a chuirtear ar fáil sa dá cheantar Gaeltachta sin a fhorbairt amach anseo le breithniú;
  • Beifear ag féachaint ar na ceantair Ghaeltachta eile ar fad ar mhaithe leis an gclár a chur ar fáil sna ceantair sin sna blianta atá amach romhainn.

Seo mar a dúirt an Aire Stáit maidir leis an deontas €325,000 atá ceadaithe aige;

“Tá mé iontach sásta an maoiniú seo a fhógairt chun cuidiú le ranganna sna healaíona traidisiúnta a chur ar fáil do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta.

“Is deis mhaith iad na healaíona leis an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú i measc an aos óig. Tá Ealaín na Gaeltachta ag déileáil le cúrsaí ealaíne in achan cheantar Gaeltachta le blianta fada agus tá tuigmheáil acu ar riachtanais na bpobal sna ceantair sin.”

Tá Ealaín na Gaeltachta tosaithe i mbun taighde agus ullmhú an Chláir agus cé go mbeifear in ann leanúint leis an soláthar atá ar fáil cheana féin i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chorcaí do scoilbhliain 2018/19 ó Mheán Fómhair 2018, ní bheidh ar a gcumas tús a chur le ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuimsitheach, ar ardchaighdeán, ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon.

Idir an dá linn, tá an Roinn an Aire ag breathnú go gníomhach ar bhealaí chun gur féidir an tseirbhís seo a choinneáil ag imeacht idir seo agus deireadh na bliana. Déanfar fógra eile faoi seo go luath.

Aithníonn an tAire imní na dtuismitheoirí maidir le leanúnachas seirbhíse i gConamara agus gabhann sé buíochas leo as a gcuid tuisceana agus foighne.