Deontais thart ar €43míle ceadaithe do Inis Bó Finne

0
860
Galway Daily news Over €100,000 funding announced for Inishbofin

Deontais thart ar €43 míle ceadaithe do Inis Bó Finne mar chuid dos na deontaisí a mbeidh le fáil do oibreacha ar oiléain éagsúla mórthimpeall na tíre.

Inné chur an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, T.D., in iúil go bhfuil deontas de €1,073,863 ina iomláine ceadaithe aige chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla ar fud na tíre.

Is do Chomhairlí Contae Shligigh, Chorcaí, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus na Gaillimhe atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:

  • Comhairle Chontae Shligigh – €18,750
  • Comhairle Contae Chorcaí – €313,500
  • Comhairle Contae Mhaigh Eo – €339,000
  • Comhairle Chontae Dhún na nGall – €359,00
  • Comhairle Chontae na Gaillimhe – €43,613

Is iad na hoileáin atá i gceist ná Inis Uí Mhaolchluiche i gContae Shligigh, An tOileán Mór, Inis Fada, Faoide, Baoi agus Inis Arcáin i gContae Chorcaí, Inis Toirc, Cloigeann agus Cliara i gContae Mhaigh Eo, Árainn Mhór, Oileán an Bhráighe agus Toraigh i gContae Dhún na nGall agus Árainn, Inis Oírr agus Inis Bó Finne i gContae na Gaillimhe.

Tá deontas de chuid €43,613 beartaithe do Comhairle Contae na Gaillimhe agus tá comhráití fós ar bun ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le hoibreacha eile a bheidh le cur i gcríoch ar oileáin na Gaillimhe.

Síltear gur mar seo a leanas a n-úsáidtear an deontas €43,613 don oibreacha feabhsúcáin ar Inis Bó Finne sa Gaillimh.

Inis Bó Finne – Obair cothabháil ar bóthar na céibhe – €750
Inis Bó Finne – Obair cothabháil ar 360m de Bhóthar Clossey – €17,250
Inis Bó Finne – Dromchla úr ar 235m idir an ché agus an seipéal – €4,988
Inis Bó Finne – Dromchla úr ar 150m gar don Dolphin Hotel agus cóiriú ar 150m eile taobh le Inisbofin Hotel – €10,875
Inis Bó Finne – Dromchla úr ar 150m (Westquarter) – €6,750
Inis Bó Finne – Cóiriú dromchla singil (295m soir ón aerstráice) – €3,000

I measc na dtograí atá á maoiniú, cuirfear héileapad ar fáil in Inis Toirc, áis a chuirfidh go mór le saol an phobail.  Cuirfear maoiniú ar fáil le feabhas a chur ar 21 bhóthar ar fud an chósta.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air fógra mar seo a dhéanamh.

“Léiríonn an fógra seo an spéis atá ag mo Roinn agus ag an Rialtas pobail inmharthanachta a chothú ar na hoileáin amach ón gcósta,” a dúirt an tAire Stáit.

“Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais, beidh infheistíocht de €27 milliún á dhéanamh ag mo Roinn in infreastruchtúr mar oileánda as seo go ceann 10 mbliana.

“Is ar mhaithe le feabhas a chur le saolta phobail na n-oileán agus le rochtain chuig na hoileáin atá a leithéid seo d’infheistíocht á dhéanamh agus chun tacú le forbairt na thurasóireachta orthu chomh maith.

“Tá ár n-oileáin ag croílár ár gcultúr agus léiríonn an infheistíocht seo an luach ollmhór atá againn ar na pobail speisialta seo.”