D’ardaigh Galway Bay FM níos mó ná Seacht Míle Euro ar son Galway Simon Community

0
916
D'ardaigh Galway Bay FM níos mó ná €7 míle - Galway Daily

Dé hAoine seo chaite an 5ú Deireadh Fómhair, chodail roinnt don bhfoireann Galway Bay FM ar na sráideanna ar son Galway Simon Community.

Chodail neart mhaith daoine ar na sráideanna i chúig áit difriúl mórthimpeall Cathair agus Contae na Gaillimhe ar son Galway Simon Community Dé hAoine seo chaite an 5ú Deireadh Fómhair agus roinnt don bhfoireann Galway Bay FM ina measc.

An misean atá ag Galway Simon Community ná chun chabhair a thabhairt dóibh siúd atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean, rochtain ar thithíocht agus tacaíocht a thabhairt atá oiriúnach dá riachtanais.

Oibríonn Galway Simon i dtreo deireadh a chur le easpa dídine trí abhcóideacht, oideachas agus feachtas agus táid ag iarraidh dul i ngleic le easpa dídine trí comhoibriú le gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha, cairde, lucht tacaíochta agus an pobal níos leithne.

Dar leis an Galway Simon Community, tá an ráta do dhaoine gan dídean in Iarthar na hÉireann ag fás níos tapúla ná réigiún ar bith eile ar fud na tíre, é sin i dteannta le soláthar tithíochta atá uireasach chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair, gurb anois an am is mó ba riamh go bhfuil gá le fócas ar chosc.

D’fhógraíodh inné gur d’ardaigh Galway Bay FM níos mó ná seacht míle euro ar son Galway Simon Community agus ceathrar ball don bhfoireann a chodail ar na sráideanna Dé hAoine seo chaite an 5ú Deireadh Fómhair, Alan Clarke, Shannon Fogerty, Alan Murphy agus Seamus ó Fatharta.

Bhí Alan Clarke agus Shannon Fogarty ar Sráid na Siopaí sa chathair an oíche sin fad is a bhí Seamus ó Fatharta agus Alan Murphy ar na sráideanna i Tuaim.

Alan Clarke ó Galway Bay FM ag chodailt ar Sráid na Siopaí Cathair na Gaillimhe ar son Galway Simon Community

 

Alan Murphy agus Seamus Ó Fatharta ó Galway Bay FM i dteannta grúpa a bhí ag chodailt ar na sráideanna i Tuaim ar son Galway Simon Community

Ar an iomlán figiúr de €7,290.51 a d’árdaigh foireann Galway Bay FM ar son na chúise agus é ráite acu go bhfuilidís sásta an rud chéanna a dhéanamh an mbliain seo chughainn chun cabhair a thabhairt don Galway Simon Community.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil maidir le Galway Simon Community anseo.