Cúpla fadhb cruthaithe ag an Réalt Jimmy Buckley ag Bainis Bhréige Ros na Rún

0
1379
Bainis Bhréige Ros na Rún - Galway Daily
Bainis Bhréige Ros na Rún - Pictúir de Chuid Andrew Downes

Cruthaigh an Réalt Amhránaí Tíre Jimmy Buckley cúpla fadhb ag an Bhainis Bhréige a bhí ag Ros na Rún ag an deireadh seachtaine.

Chuir criú agus cliar Ros na Rún, Bainis Bhréige le chéile an deireadh seachtaine seo chaite in Óstán Bá na Gaillimhe chun airgid a bhailiú do dhá catharnacht áitiúla, Cancer Care West agus an Gavin Glynn Foundation.

Deir Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, a bhíonn páirt Katy aici sa sobaldhráma Ros na Rún,

“Phiocamar an dá catharnacht seo mar go bhfuil neacht do dhuine dos na aisteoirí ag dul faoi leigheas fé láthair agus caithfidh sí dul thar lear don leigheas agus dá bharr sin is catharnacht atá gar dár croí é.”

“Is catharnacht bunaithe in Éireann é an Gavin Glynn Foundation a tugann cúnamh do teaghlaigh le gasúir atá breoiteacht orthu agus a mbíonn orthu taisteal thar lear don leigheas ceart,” a deir sí.

Bailíodh airgead trí díolacháin ticéid, deontaisí agus an raifil mór a bhí ar siúl ar an oíche agus bhí neart duaiseanna le buacaint!

Seirbhís sibhialta a chuireadh ar siúl ag aisteoirí Ros na Rún agus níor imigh an oíche gan blúire beag drámaíochta. Bhí chuile rud fé rún go dtí na soicindí deireanach, agus ní raibh fhios ag duine ná deoirí cé a bheas sa cóisir brídeoige ná cé a bheas an brídeoig í féin.

Cruthaigh an Réalt Amhránaí Tíre a chuid fadhbanna féin agus é ag admháil a ghrá do ‘Bobbi Lee’ bean atá ina réalt amhránaí í féin ar an sobaldhráma Ros na Rún.

D’impigh sé uirthi gan a bhuacaill ar scáileán ‘Niall’ a phósadh. Niall bocht! Shiúl sé leis go chloíte nuair a raibh Jimmy Buckley agus Annamaria Nic Dhonnacha (Bobbi Lee) ag canadh disréad ar stáitse.

Ach níor chríochnaigh sé ansin mar chan Niall do Bobbi Lee agus thóg sí an cinneadh chun é a phósadh agus oíche den scoth a bheith acu.

Théis an searmanas bhí fáiltiú deochanna agus banquet bainise. Bhí na óráidí réamhscriptithe freisin ag Niall Mac Eachmharcaigh (John Joe ar Ros na Rún) mar b’é sin a scríobh an script.

Chríocnaigh an oíche le neart ceol agus rince agus b’é an Banna Oddity a choimeád chuile duine beoga ar an úrlár ag rince isteach sa maidin d’ár gcionn.