Comórtas oscailte d’Aistritheoirí Gaeilge chun tabhairt faoi post buan.

0
796
Galway Daily business Coronavirus: EU approves Ireland's €200m business support scheme

Tá comórtas oscailte d’Aistritheoirí Gaeilge chun tabhairt faoi post buan sa Bhruiséal agus i Lucsamburg.

D’osclaíodh an comórtas seo ar an 12ú Iúil agus beidh sé oscailte go dtí an 4ú Meán Fhomhair ag a 12:00 (am na Bruiséile).

Fé láthair is iad Baile Átha Cliath agus an Gaillimh a feictear an líon is mó do na ndaoine atá fostaithe in aonaid Ghaeilge na n-institiúidí go léir de réir contae.

Seisear déag ó Baile Átha Cliath agus dó dhéag ón nGaillimh atá fostaithe in aonaid Ghaeilge. Is féidir an t-eolas ar fad a fheiscint ar an léarscáil seo.

Tá deis agaibh anois chur isteach ar an comórtas EPSO agus líon na ndaoine a mhéadú ós na contaetha uilig.

Roimh d’iarratas ar an comórtas seo a ullmhú, ba chóir duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh, chun cabhrú leat dianmhachnamh a dhéanamh ar na cúiseanna a bhfuil tú ag cuimhneamh ar iarratas a dhéanamh agus ar an dóchúlacht go n-éireoidh leat sa phróiseas roghnúcháin iomaíoch seo.

  1. Léigh an Fógra Comórtais chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na coinníollacha incháilitheachta uile comhlíonta agat an dáta a bhailíochtóidh tú d’iarratas.
  2. Déan an ceistneoir ‘Gairm domsa, gairm san Aontas Eorpach?’ chun cabhrú leat féin fios a bheith agat an oirfeadh post in institiúidí an Aontais Eorpaigh duit.

Ba cheart go cabhróidh an ceistneoir leat fios a bheith agat an bhfuil an t-ardmhianach ionat atá riachtannach le bheith in oifigigh an Aontais Eorpaigh.

  • Tógfaidh sé thart ar 30 nóiméad duit an ceistneoir ‘Gairm domsa, gairm san Aontas Eorpach?’ a dhéanamh.
  • Ní próiseas díbeartha é seo agus ní chuirtear torthaí an cheistneota ar taifead ná ní chuirfear san áireamh iad má thograíonn tú an t-iarratas a dhéanamh ina dhiaidh.
  • Má bhíonn deacrachtaí agat an ceistneoir seo a rochtain nó a íonadh isteach mar gheall ar míchumas nó riachtanais speisialta, déan teagmháil leis an tSeirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí atá ag EPSO.

Má tá suim agat chuir isteach ar an comórtas seo is féídir d’iarratas a chuir isteach anseo.

Beidh an comórtas oscailte go dtían 4ú Meán Fhomhair 2018 ag a 12:00 (am na Bruiséile).