Comórtas Aiste Ionad Siopadóireachta na Coiribe buaite ag dalta scoile ó Bearna

0
911
Duais Buaite théis an Chomórtas Aiste a bhuacaint - Galway Daily

B’é dalta scoile ó Bearna a bhuaigh an Chomórtas Aiste a bhí ag Ionad Siopadóireachta na Coiribe.

Bhí riméad ar Ionad Siopadóireachta na Coiribe a fhógairt gurb é Naoise Geraghty ó Scoil Shéamais Naoga, Bearna, buaiteoir an Chomórtas Aiste, ‘An Nollaig is fearr a bhí agam riamh’.

Bhuaigh Naoise ciseán Nollag álainn le meascán de leabhair Ghaeilge agus Bhéarla a bhuíochas le Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith agus fuair sé dearbhán €300.00 dá scoil chomh maith.

Ciseán a bhuaigh Naoise théis an Chomórtas Aiste a bhuacaint

Is iad Gaillimh le Gaeilge a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas agus bhronn Ardfheidhmeannach na heagraíochta, Bríd Ní Chonghóile, an duais ar Naoise. Bhí sé féin agus a mhuintir i láthair ag seoladh shéasúr na Nollag in Ionad Siopadóireachta na Coiribe le déanaí. Ghlac Naoise leis an duais le ‘Go raibh míle maith agaibh’ agus meangadh mór gáire ar a aghaidh!

Ghlac Ionad Siopadóireachta na Coiribe agus Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith araon páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – gradaim bhliantúla Ghaillimh le Gaeilge do ghnónna dátheangacha níos luaithe i mbliana.

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht TG4 agus Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tugann an Gradam aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil agus treisíonn sé stádas na cathrach mar Chathair Dhátheangach agus mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Agus í ag labhairt ag an mbronnadh, dúirt Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge; “Comhghairdeachas le Naoise, scríobh sé aiste álainn agus cá bhfios nach mbeidh sé ina scríbhneoir cáiliúil amach anseo agus a chuid leabhar á ndíol ag Siopa Leabhar & Dánlann Uí Chionnaith!  Tá muid an-sásta a bheith páirteach sa togra seo ‘Comórtas Aiste 2018’ agus is iontach an rud é chomh maith rannpháirtithe Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bheith ag obair le chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc ghlúin óg na cathrach.  Táimid ag súil le ‘Comórtas Aiste 2019’ cheana féin!”