Clár Fáisnéise ‘Bittersweet’ ar siúl ar RTÉ 1 ar Lá Domhanda an Diaibéiteas

0
823
Diaibéiteas - Clár Fáisnéise Galway Daily

Beidh Clár Fáisnéise, ‘Bittersweet – The Rise of Diabetes’ á chraoladh ar RTÉ 1 Dé Céadaoin seo, 14ú Samhain ag a 11.10 i.n. ar Lá Domhanda an Diaibéiteas.

Déanann an Cónaidhm Idirnáisiúnta Diaibéiteas comóradh ar Lá Domhanda an Diaibéiteas go bliantúil agus i mbliana beidh clár fáisnéise ‘Bittersweet – The Rise of Diabetes’ á chraoladh ar RTÉ 1.

Is clár fáisnéise leath uair a chloig é Bittersweet a raibh stiúrtha ag Hugh Rodgers agus léirithe ag an beirt Anna Rodgers agus Zlata Filipovic ó Invisible Thread Films. Glacann an scannán le comhrac na gcóras sláinte in Éirinn chun déileáil leis an méadú ar othair diaibéiteas, agus tugann sé rabhadh don eipidéim thromchúiseach atá os comhair ár ndaonra.

Leanann sé scéalta pearsanta daoine óga atá ag maireachtáil le diaibéiteas agus a ndícheall laethúil lena bhainistiú.

Leagan an clár fáisnéise seo béim ar an taighde agus forbairt i cógaseolaíocht agus eolaíocht bithleighis ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Ollscoileanna eile chun diaibéiteas a leigheas agus gábháileann sé an obair tábhachtach a bhíonn ar bun ag an tOllamh David Brayden(CÚRAM) agus an foireann ar fad ag an Ospidéal Tréidliachta i Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath áit a bhfuil siad ag forbairt slite nua chun inslin a tabhairt go dtí an chorp.

Tugann an clár fáisnéise seo léargas freisin ar an leigheas agus bainistiú do diaibéiteas leis na cliniceoirí saineolaithe an tOllamh Derek O’ Keefe agus Helen Burke ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a n-úsáideann teicneolaíocht tosaigh chun aire a thabhairt do dhaoine óga le diaibéiteas agus ag tabhairt cabhair dóibh bainistiú a dhéanamh ar an riocht ainsealach trí clinicí diaibéiteas ag Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.

Beidh Bittersweet á chraoladh ar RTÉ 1, Dé Céadaoin 14ú Samhain ag a 11.10i.n.

Seo a leanas físeán beag don clár fáisnéise – Bittersweet.