Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach cruthaithe ag TG4, NI Screen, BBC ALBA agus S4C

0
863
TG4 ciste idirnaisiúnta ceilteach -Galway Daily

Reachtáilfaidh an ‘Celtic International Fund/ An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach’ babhta comhchoimisiúnaithe gach bliain.

Déantar an babhta comhchoimisiúnaithe seo a reachtáil idir na craoltóírí agus maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, sa mBreatain Bheag agus in Éirinn, thuaidh agus theas.

Ciste seo a bhunaíodh idir BBC ALBA (le maoiniú ó MG ALBA), S4C, TG4 agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Northern Ireland Screen.

Tá sé mar aidhm ag an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach comhfhorbairt agus comhléiriúcháin trí mhéan na Gáidhlige, na Breatnaise agus na Gaeilge a spreagadh agus léiriúcháin a ceapadh ó thús sna teangacha Ceilteacha a chur faoi bhráid pobal Eorpach agus domhanda.

An sprioc atá leis an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach ná deis a chur ar fáil do lucht scannánaíochta tabhairt faoi chomhfhorbairtí agus chomhléiriúchán ar chláracha suntasacha, forásacha a chuirfidh go mór le sceideal príomhama na gcraoltóirí, a mbeidh tionchar acu ar lucht féachana náisiúnta in Albain, sa mBreatain Bheag agus in Éirinn agus tá sé mar aidhm acu dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain.

Beidh trí chineál clár i gceist sa gcéad bhabhta coimisiúnaithe – Fiosrach, Dráma agus Beochan.

Beidh tréimhse forbartha i gceist ina gcuirfear maoiniú ar fáil le smaointe a fhorbairt ach freisin chun líonra comhléirúcháin a fhorbairt agus an ceangal ann go gcaithfidh cuid den phróiseas léiriúcháin tarlú in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i bPoblacht nó i dTuaisceart na hÉireann.

Comhfhoireann coimisiúnaithe a bheidh i gceannas ar an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach ar a mbeidh ionadaithe ó na craoltóírí agus na maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha atá ina gcomhpháirtithe sa scéim seo.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont fáilte roimh an tionscadail seo,

“Tá cláracha a bhfuil luach ard léiriúcháin ag baint leo lárnach i meáin an lae inniu, cláracha atá á maoiniú ag ollchomhlachtaí saibhre,” a dúirt sé.

“Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfeadh TG4 timpeallacht ar fáil ina mbeidh comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin in ann smaointe Éireannacha d’ard-chaighdeán a chur i lár an mhargaidh idirnáisiúnta.

“Is cuid thábhachtach de straitéis 5 Bliana TG4, a foilsíodh le gairid, go gcabhródh muid le fás agus le hidirnáisiúnú eacnamaíocht chruthaitheach na hÉireann.

“Ní fíor gur trí chomhpháirtíochtaí le comhlachtaí Béarla amháin, comhlachtaí as Sasana nó Meiriceá cuir i gcás, is féidir tabhairt faoi chomléiriúchán idirnáisiúnta.

“Mar thoradh ar an gcomhpáirtíocht nua Ceilteach seo, in éineacht le tionscnaimh nua comhléiriúcháin de chuid an EBU, beidh TG4 ina chomhpháirtí tábhachtach sna margaí Eorpacha agus domhanda agus beidh muid in ann cláracha de chaighdeán níos airde a chur ar fáil dár lucht féachana.”

Shínigh TG4 comhaontú comhléiriúcháin le déanaí freisin, le craoltóir ón gCóiré, JTV a thug bealach isteach do TG4 chuig ciste craoltóireachta na Cóiré. Tá TG4, S4C agus JTV i mbun comhléiriúcháin ar shraith faisnéise faoi láthair agus tá tuilleadh léiriúchán i gcomhar beartaithe acu le linn na bliana 2019.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil maidir leis an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach agus gan dabht iarratas a dhéanamh ar an nasc seo.