Cluichí Ceannais Sinsir – Comórtas Peile na Gaeltachta

0
857
Galway daily sport Moycullen GAA cancels all activities in response to COVID-19 cases

Beidh na Cluichí Ceannais Sinsir do Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl inniu.

Thosaigh Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana ar an Aoine an 1ú lá de Mí an Mheitheamh agus b’é inniu an lá dheireanach dó. Is sa Dúnaibh, Co. Dhún na nGall atá an comórtas ar siúl agus chuid mhaith do mhuintir na Gaeltachta ag freastal air.

Bíonn na clubanna Gaeltachta ó Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge, Baile Átha Cliath, An Mhí, Béal Feirste agus Londain ag glacadh páirt sa chomórtas.

Chuile bhliain déantar an Comórtas seo a reachtáil agus ní gá go mbeadh Gaeilge líofa agat ach iarrtar ar gach duine a dhícheall a dhéanamh í a labhairt.

Mar chuid don chomórtas bíonn cluichí peile na bhfear agus na mban ar siúl chomh maith le imeachtaí cultúrtha do chuile duine idir óg agus aosta.

Théis deireadh seachtaine lán do cluichí i Tír Chonaill mar chuid do Comórtas Peile na Gaeltachta shroich buachaillí na Gaillimhe an cluiche ceannais aréir.

D’imir An Cheathrú Rua i gcoinne Naomh Conaill i cluiche a bhí an gar tráthnóna inné ach thug leaids na Gaillimhe na cosa leo ag an deireadh agus bhuadar an cluiche le pointe amháin thar is barr.

An scór dheireanach a bhí sa cluiche sin ná An Cheathrú Rua 2-9 Naomh Conaill 1-11.

Tráthnóna inniu ansin tabhairfidh leaids na Gaillimhe aghaidh ar Bhulf Tón(Wolfe Tones) ag a 4.i.n agus beidh fir na Gaeltachta an Cheathrú Rua ag súil le bua a fháil.

Níos luaithe inniu roimh cluichí na fearaibh beidh mná na Gaillimhe ag tabhairt an caid leo chuig an pháirc peile.

I Cluiche Ceannais Peil na mBan Sinsir beidh Maigh Cuillin ag imirt in aghaidh Gleann Finne ag 12.15 i.n.

Táthar ag súil go mbeadh an mbua ag na mná agus go dtabharfidh sin ionsparáid dos na fearaibh le dóchas acu go mbeadh corn nó dhó ag teacht thar nais go dtí an Ghaillimh anocht.