Céiliúradh Mór agus An Taibhdhearc 90 mbliain ar an bhfód

0
840
Neart ar siúl sa Taibhdhearc i rith na bliana - Galway Daily

An Taibhdhearc ag céiliúradh nócha bliain ar an bhfód agus neart ar siúl acu ó anois go deireadh na bliana.

Tá neart le céiliúradh ag An Taibhdhearc an mhí seo agus í ag baint nócha bliain amach ar an bhfód.

Is mór an onóir í go mbeidh ‘Taibhdearc@90’ faoi stiúir Maolíosa Stafford, seó a mbeidh lán le réaltaí a reachtálfar ar feadh dhá oíche ar an 26 agus 27 Deireadh Fómhair, san áireamh beidh Bríd Ní Neachtain, MacDara Ó Fátharta, Eoin Geoghegan, Sorcha Ní Chéide, Catherine Denning agus Séamus Mac Cuinneagáin.

Léireofar sleachta ó dhrámaí éagsúla a reachtáil an Taibhdhearc le blianta anuas, athchóiriú MacDara Uí Fátharta ar ‘Cré na Cille’ de chuid Mhairtín Uí Chadhain, Mise Raiftearaí an File le Críostóir Ó Floinn, San Siobhán; léiriú de chuid Bernard Shaw de Joan of Arc san áireamh.

Anuas ar sin, beidh an ghliúin aisteoirí na Taibhdheirce amach romhainn ag cur sleachta ón gceoldhráma ‘Annie’ i láthair.

Freastlóidh triocha duine atá ina mball de Chantóirí na Taibhdheirce ar teangacha agus ar bheatha de phleisiúr an tslua faoi smacht Paddy Daly in éindí le David Grealy ina dtugtar aitheantas don traidisiún ceoldrámaíochta, cuid mhór acu aistrithe ag Máire Stafford agus faoi stiúr Sheáin.

Sé costas €20/€15 a bheas ar na ticéid don imeacht a bheas ar siúl ag a 8i.n an 26ú /27ú Deireadh Fómhair agus is féidir na ticéidí a fháil ar an suíomh www.antaibhdhearc.com nó trí glaoch a chur ar 091-562024.

Ansin ar an 7ú Samhain sa Taibhdhearc, tabharfaidh Taibhdhearc@90 i gcomhpháirt le Arts in Action, Ollscoil na hÉireann Gaillimh ‘Cartlann, Ceol, Cuimhní…’ aitheantas do dhuine dá hiníoní ba cháiliúla.

Roinnfidh dlúthchara le Siobhán Nic Cionnaith, Lelia Doolan, cuimhní agus scéalta geala na n-aisteoirí Gaeilge is mó dá bhfuil is dá raibh ann, dénafaidh sí tagairt ar chartlann na Taibhdheirce freisin ata i dtaisce Leabharlann Sheamuis Uí Ardagáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh Rita Connolly ar an stáitse ag canadh amhráin Shaun Davey agus an oíche ag tosú ag a 8i.n le costas €20/€15 ar na ticéidí.

Ar deireadh idir an 13-20 Nollaig beidh Geamaireacht na Nollag ar siúl. B’é ‘Tóraíocht an Yummy Mummy’ scríofa ag Dick Byrne agus faoi stiúir Cillian Ó Donnchadha a chuirfear ar siúl idir an 13 agus an 20 Nollaig. Agus más mian leat páirt a ghlacadh ann beidh ÉISTEACHTAÍ ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair in Áras na nGael, Sráid Dominic, Gaillimh.

Caithfear clárú roimh ré leis an Taibhdhearc ar 091-562024 roimh Dé Luain, an 22 Deireadh Fómhair. Beidh na éisteachtaí do dhaoine fásta ar siúl idir a 12:00 – 4:00i.n agus do dhaoine óga (10+) idir 4.30 – 7.00 i.n