Céard go díreach é Capoeira? – Ranganna ag tosú go luath i Bóthar na Trá

0
963
Ranganna Capoeira - Galway Daily

Beidh ranganna Capoeira ar siúl i gceann seachtaine i Bóthar na Trá.

Tá Yvonne Ní Laife i bhfeighil na ranganna Capoeira a bheas ag tosnú go luath in Árus Bóthar na Trá (Dr. Mannix Rd, in aice le Stáid Phiaras.)

Labhair Yvonne le Galway Daily faoi céard go díreach atá i gceist le Capoeira.

“Is spórt í Capoeira a tháinig chun cinn in aimsir na sclábhaithe sa Bhraisíl 500 bliain ó shin. Thosaigh mé féin Capoeira sa bhliain 2000 agus anois is mise an chéad Instrutora (múinteoir) Éireannach sa spórt,” a dúirt sí.

“Imrítear Capoeira idir bheirt, le neart ciceanna, bealaigh éalaithe, bealaigh chun do chomrádaí a leagan nó éalú uathu, gluaiseachtaí gleacaíochta ar nós rothaí cairte, lámhsheasamh, srl.

“Foghlaimíonn tú an chaoi le do mhéacan féin a iompar, le bogadh thart go héadrom, an chaoi le n-éalú ó chiceanna. Eiríonn tú láidir agus solúbtha – ach ní gá duit a bheith mar seo chun teacht ag na ranganna mar go gcuirtear fáilte roimh cách!”

Lean Yvonne léi agus í ag míniú an próséis,

“Tagann feabhas ar do radharc forimeallach agus do chuid scileanna frithghníomhaíochta, agus déantar an ealaíon mhíleata seo uilig le ceol chun cur leis an spraoi.”

Beidh na ranganna ar siúl óna 8-9 chuile Chéadaoin, thuas staighre in Árus Bóthar na Trá (Dr Mannix Rd, in aice le Stáid Phiaras.) Cosnaíonn ranganna aonaracha €10 ach má íocann tú ar an gcúrsa iomlán as seo go dtí an Nollaig, beidh lascaine ar fáil agus an 11 rang ar €80.

“Rud éigin difriúl atá ann chun triail a bhaint as!” a dúirt Yvonne, “agus aireoidh tú an difríocht roimh na Nollag!”

Is féidir níos mó eolas a fháil faoi na ranganna agus Capoeira é féin trí súil a chaitheamh ar an leathanach Facebook atá ag Yvonne, Capoeira Galway – Salthill.