Céard atá i ndán don Óstán G as seo go cheann bliana?

0
857

Céard atá i ndán don Óstán G as seo go cheann bliana agus iad ag tabhairt fé athchóirithe?

Chuireadh fáilte linn ag an Óstán G (Óstán 5 réalt) aréir ar ‘La Domhanda Hello’ le soláistí agus deochana agus labhair an Bhainisteoir Ginearálta maidir leis na h-athraithe a bheas ar bun san Óstán.

I Mí Iúil a thosaigh Andrew Drysdale mar Bainisteoir Ginearálta san Óstán G théis ar fhág sé an Raddisson agus tá sé ag tnúth go mór leis na athraithe a bheas le teacht san Óstán G.

Beidh na athchóirithe ag tosnú i gceann seachtaine nó dhá seachtain agus táthar ag súil go mbeidh na athchóirithe seo críochnaithe in iomlán thart ar Mí Aibreáin 2019.

Deir Andrew é féin go bhfuilid ag súil go mbeidh na athchóirithe críochnaithe i Mí Aibreán ach deir sé go bhfuil fios maith aige nach tarlaíonn sin i gcónaí agus go mbíonn moill ar rudaí.

Tosnóidh na athchóirithe sna seomraí leapa thuas staighre agus cé nach bhfuil mórán athraithe le déanamh sna seomraí leapa táid ag iarraidh iad a bheith nua-aoiseach.

Théis na seomraí thuas staighre a dhéanamh beidís ag obair síos staighre agus ansin isteach sa bhialann.

Agus é ag caint bhí Andrew ag díriú isteach ar an mbeár agus an bhialann mar go dteastaíonn uathu ana chuid a dhéanamh leo chun go n-úsáidfidh níos mó daoine an mbeár agus an bhialann.

Bhí ana chuid ráite istoíche aréir maidir leis an caighdeán den scoth atá ar an mbia san Óstán ach dúradh nach mbaineann ana chuid daoine úsáid as an mbeár mar nach bhfuil sé oiriúnach nó compordach.

Táthar ag tnúth go mór leis an obair a chur isteach sa mbéar agus an bhialann chun níos mó daoine a mhealladh isteach ann sa todhchaí.

Fé láthair deir sé go mbíonn níos mó suim ag daoine sa seomra bándearg mar go bhfuil sé compordach agus d’fhéadfaí suí ann le ghrúpa chairde nó chlann agus tá sé oiriúnach do leanaí óga freisin.

Seomra Bándearg
Seomra Bándearg

Bíonn daoine breá sásta sa seomra bándearg agus iad ag ól tae/caife nó prosecco srl, ag féachaint amach ar Loch an tSáile, ba chuma cén aimsir atá ann, báisteach, sneachta nó ghrian.

Táthar chun an seomra bándearg a choimeád ach amháin go mbeadh an dath níos beoga.

Deir Andrew nach bhfuilidís ag iarraidh branda an Óstán G a athrú mar go bhfuilidís sásta leis an mbranda ach táthar ag iarraidh go mbeadh an Óstán nua-aoiseach mar níl faic déanta leis le 12 bliain anuas.

Táthar ag smaoineamh ar pacáistí a chur le chéile freisin. Deir Andrew gurb é thart ar 70% don gnó a faightear sa Spa is daoine nach bhfuil ag fanacht san Óstán iad agus táthar ag iarraidh tuilleadh dá aíonna a mhealladh chuig an Spa.

Tá Óstán G ag fás agus ag forbairt i gcónaí agus beidh neart fós le teacht théis na athchóirithe.