Bus á eagrú do mhuintir Mhaigh Cuilinn don Féile ‘BEO-Gaelach & Bródúil’

0
953
Bus ó Mhaigh Cuilinn

Tá bus á eagrú faoi láthair do mhuintir Mhaigh Cuilinn chun freastal ar an ócáid ‘BEO – Gaelach & Bródúil’ a bhéas ar siúl ar an 14ú lá de Mí Aibreán. Buailfidh Gaeil na tíre le chéile chun ár dteanga dúchais a chéiliúradh agus ár mbród aisti a léiriú.

Bhí ‘BEO – Gaelach & Bródúil’ le bheith ar siúl ar an 3ú lá de Mí an Mhárta ach de bharr neamhchinnteacht na h-aimsire agus an oiread sin sneachta a bhí tuartha chuireadh ar athló é. 

Imeacht stairiúl a bhéas ann agus í ar cheann dos na h-imeachtaí Gaeilge is mó a bheadh ar sráideanna Bhaile Átha Cliath riamh.

Táthar ag súil go mbeidh os cionn ná 4,000 duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath don lá.

Lá fíor-thábhactach a bheidh ann, ag tabhairt deis do mhuintir an oileáin bualadh in aon áit amháin lenár dteanga dhúchais a chéiliúradh, mar aon le beocht, pobal, oidhreacht, cultúr agus todhchaí na Gaeilge a aithint.

Seans iontach atá ann freisin chun aird a tharraingt ar na dheacrachtaí agus dúshláin atá fós roimh an nGaeilge and na Gaeltachtaí sa lá atá inniu ann.

Labhair Comhairdaitheoir Bliain na Gaeilge, Síomha Ní Ruairc faoi BEO agus an tábhacht a bhaineann leis an ócáid go háirithe agus sinn ag céiliúradh Bliain na Gaeilge i mbliana freisin.

“Is lá céiliúradh é BEO. Taispéanaimid ár bród don teanga ar sráideanna Baile Átha Cliath.

“Táimíd ar bís go mbeidh an Uachtarán na hÉireann, Michael D. Ó hUigín á labhairt ar an lá. Táimid ag súil le lá iontach agus tá fáilte roimh cách ar an lá. Comh maith le seo sílim go dtabharfaidh BEO deis dúinn na dúshlán a bhíonn fos os comhair an pobal teanga Gaeilge agus na ceantair Gaeltachta sa lá atá inniu ann a aibhsiú.”

Seo a leanas chuid dos na ceardlanna & imeachtaí teaghlaigh a bhéas ar siúl i gCearnóg Mhuirfean tar éis na siúlóide agus na ceolchoirme. Bheidh na ceardlanna oiriúnach do gach aoisghrúpa.

  • Ióga le hÓga Yóga.
  • Damhsa ar an Sean-Nós.
  • Scéalaíocht
  • Giggles, An Fear Grinn.
  • Lámhcleasaíocht
  • Drumadóireacht.
  • Zero Zero Pizza.
  • Spraoi le Síog
  • Púca Puppets.

Seo réimse beag dos na himeachtaí eile a bheidh ar siúl ar an lá cinniúnach thuas san Ard Chathair le Muintir na hÉireann, Muintir na Gaeilge agus Muintir na Gaillimhe ar fad ag teacht le chéile chun ár dteanga a thacaíocht agus a chéiliúradh.

Is féidir tuilleadh eolas faoin imeacht a fháil trí leathnach Facebook Bliain na Gaeilge a leanúint anseo.

Beidh an bus atá eagraithe do mhuintir Mhaigh Cuilinn ag fágaint Scoil Bhaile Nua ag 8.45r.n. gus beidh sé i sráidbhaile Mhaigh Cuilinn ag 9.00r.n.

Más mian leat d’áit a chur in áirithe ar an mbus ó Mhaigh Cuillin ní gá duit ach ríomhphost a sheoladh ag snbhailenua.ias@eircom.net nó peadar@cnag.ie

Bígí ann chun bhur bród don teanga a thaispeánt agus is féidir #GaeilgeBheo a úsáid má freastlaíonn sibh ar an bhféile.