Brown Thomas réidh don Nollag agus na Maisiúcháin suas – Ró Luath?

0
887
Best Gift for Children at Christmas - Galway Daily

Aréir bhíos ar Twitter agus chonaiceas phictúir a bhí curtha suas ag iRadio ag taispeánt go bhfuil maisiúcháin na Nollaig suas ag Brown Thomas cheana féin.

Níl Oíche Shamhna fiú tagtha go fóill agus nach mór deich seachtain fós le dhul roimh am na Nollag agus mar sin an cheist atá agamsa daoibhse ná bhfuil sé ró luath?

Cén t-am is cheart do na maisiúcháin a chuir suas? Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, nó Mí na Nollag? An mbíonn níos mó brú oraibh fáil réidh don Nollag nuair a thosnaíonn siopaí ag cur earraí na Nollaig ar na seilfeanna?

Is cuimhin liom féin a bheith istigh i Tesco ar an 4ú lá de Mí Mheán Fómhair i mbliana agus na Féilire Aidhbhinte á dhíol acu ag an t-am sin den bhliain.

Earraí na Nollag i Tesco ar an 4ú lá de Mí Mhéan Fómhair

Chun an fhírinne a rá bhraitheas féin beagáinín breoite ag féachaint air mar i’m thuairim féin scriosann sé an Nollag dom. Ní bhíonn na scéitimíní orm mar a bhí nuair a bhíos óg mar is níos luaithe agus níos luaithe chuile bhliain a bhíonn earraí na Nollag á chur ar fáil.

Cén fáth go gcaithimís seo a dhéanamh? Níl sé éasca do dhaoine airgead a chur ar fáil do chuile rud agus bíonn mórchuid do costasaí á bhaint leis an Nollaig agus dá bharr sílim gur cheart nach mbeadh faic don Nollag sna siopaí go dtí cúpla seachtainí roimh lá an Nollag.

Ba mhaith liom bhur tuairimí féin a fháil faoi seo? An bhfuilim craiceáilte nó bhfuil sé ró luath do Brown Thomas agus maisiúcháin na Nollag curtha suas acu?