Briseadh uisce in áiteanna mórthimpeall Ceathrú Rua Theas

0
763
briseadh san uisce i Ceathrú Rua Theas

Beidh briseadh uisce in áiteanna mórthimpeall Ceathrú Rua Theas oíche Déardaoin, 26 Iúil.

D’fhógair Comhairle Chontae na Gaillimhe inniu go mbeidh áiteanna mórthimpeall Ceathrú Theas gan uisce ar oíche Déardaoin an 26 Iúil.

Seo a leanas ráiteas ón Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an uisce.

“Ba mhaith le hUisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a fhógairt dá gcustaiméirí go mbeidh briseadh uisce beartaithe sa Cheathrú Theas ar oíche Dhéardaoin, 26 Iúil ó 11i.n. go dtí 4r.n. ar an maidin dár gcionn, Aoine 27 Iúil 2018.

“Déanfaidh sé seo éascaíocht ar thástáil chéimnithe ar na príomhphíobáin uisce ar an líontra atá ann.

“Tá sonraí na gceantar a gcuirfidh na hoibreacha isteach orthu imlínithe i ndearg ar an léarscáil atá faoi iamh.

“Bainfidh na hoibreacha leis na bailte fearainn a leanas: An Ceathrú Rua Theas, An Caorán Beag agus Barr an Doire.

“Ba mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe, ag obair i gcomhpháirtíocht le hUisce Éireann a leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht a dhéanfaidh na hoibreacha riachtanacha seo.”