Bhain Fear óg ó An Spidéal Aistear amach leis na Underdogs

0
1151
Fintan Ó Cuanaigh ar phainéal na Underdogs - Galway Daily

Bhí na Underdogs ar ais ar scáileáin TG4 an Fhómhair seo théis briseadh deich bhliana a bheith acu.

Sa bhliain 2003 thosaigh an Sraith Underdogs ar TG4 don chéad uair; áit a raibh imreoirí nár imir caid ag leibhéil sinsireach idirchontae riamh á leanúint.

I 2004 d’imir na Underdogs i gcoinne na peileadóirí is fearr sa tír ag an am; Ciarraí. Fuaireadar an lámh in uachtar ar Ciarraí an oíche sin i bPáirc Abhaistín de Staic i dTrá Lí agus an bheart déanta acu théis báide a fháil in am breise. (Underdogs 3-11  Ciarraí 2-11.) 

Théis an cluiche sin tháinig beirt dos na h-imreoirí Underdogs chun chinn agus d’imigh siad ar aghaidh ag imirt leis an bhfoireann idirchonate. D’imigh Kieran Donaghy ar aghaidh chun imirt le foireann idirchontae Ciarraí agus dhein Pearse O’ Neill an rud chéanna le Corcaigh, agus neart boinn uile Éireann buaite ag an bheirt acu ó shin.

I mbliana bhí sceitimíní san aer nuair a d’fhógraíodh go mbeadh Sraith na Underdogs ar ais ar scáileáin TG4 i rith an Fhómhair faoi stiúir Paul Galvin, Ray Silke agus Valerie Mulcahy.

Mí na Bealtaine 2018 a raibh na trialacha ar siúl i mBéal Átha na Troim, Có an Mhí agus dhein fear óg ó An Spidéal a dhícheall chun áit a fháil ar phainéal na Underdogs.

B’é Fintan Ó Cuanaigh a n-imríonn a chuid caide don gclub St James’ a bhain áit amach ar an phainéal agus labhair sé le Galway Daily mar gheall ar a chuid caide féin agus an tréimhse ama ar chaith sé leis na Underdogs maraon leis an chluiche a bhí acu i gcoinne Baile Átha Cliath ar an 19ú Deireadh Fómhair 2018.

Ó Cuanaigh in aicsean i gcoinne Baile Átha Cliath ar an 19ú Deireadh Fómhair 2018.

Bhí suim ag Fintan Ó Cuanaigh ins an chaid agus iománaíocht ó bhí sé in ann siúl agus thosaigh sé ag imirt lena gclub áitiúl ins An Spidéal nuair a raibh sé cheithre bhliain d’aois.

Dúirt Ó Cuanaigh (25) go raibh níos mó dúil aige ins an iománaíocht nuair a raibh sé níos óige agus gur thug sé an chamán leis go dtí an mheánscoil chuile lá ach de réir mar a raibh sé ag fás aníos bhí a fhios aige go raibh cinneadh le déanamh aige idir an dá spórt.

“Caithfidh tú cineál ceann amháin a phiocadh agus má tá tú chun dul i bhfad le spórt nó deiseanna áirithe a bheith agat bheadh níos mó seans leat leis an chaid agus b’shin é an fáth gur dhírigh mé isteach ar an chaid théis an Ardteistiméireacht,” a dúirt Ó Cuanaigh.

D’imir sé iománaíocht ar feadh seal beag eile agus é thíos in Ollscoil Luimnigh agus bhuaigh sé bonn uile Éireann san iománaíocht nuair a raibh sé ina chéad bhliain sa choláiste ach chuir sé stop leis an imirt théis an dara bhliain agus é ag chur a chuid fuinneamh iomlán isteach sa chaid ansin.

Deir Ó Cuanaigh gur theastaigh uaidh pháirt a ghlacadh leis na Underdogs mar go gcuireann sé an am saor ar fad a bhíonn aige isteach sa spórt agus sa chaid.

“Má bhíonn am saor ar bith agam, bím istigh sa gym nó amuigh ar an pháirc caide liom féin agus mar sin de. Is dócha go bhfuaireas blaiseadh beag don sort cinéal bheith ag imirt ag leibhéil an chontae nuair a bhíos ag imirt faoi 21 fé stiúir Alan Flynn i 2014,” a dúirt Ó Cuanaigh.

“Thaitin sé go mór liom agus dúireas liom féin go raibh tuilleadh uaim agus ansin bhíos ar an bhfoireann sóisir ar feadh tamaillín agus an Samhradh chéanna tugadh isteach sa bhfoireann sinsir na Gaillimhe mé le haghaidh cúpla trialacha, agus seisiún traenála ach níor tháinig faic aisti.”

Deir Ó Cuanaigh nuair a tháinig na Underdogs suas ansin rug sé ar an dheis lena dhá lámh agus deir sé cé go raibh sé deachair ar dtús ag dul go dtí na trialacha agus an méid taisteal a bhí le dhéanamh bhain sé mórchuid do shásamh amach as. Go háirithe mar go raibh na Underdogs faoi stiúir triúir iar-pheileadóirí, (Valerie Mulcahy a bhfuil 10 boinn uile Éireann buaite aici le Corcaigh, Ray Silke a raibh mar Captaen i 1998 nuair a bhuaigh an Gaillimh agus Paul Galvin iar-imreoir le Ciarraí.)

Ag caint faoi Valerie Mulcahy, Ray Silke agus Paul Galvin dúirt Ó Cuanaigh gurb é Galvin an duine is mó a chuaigh i bhfeidhm air, go háirithe mar níor thug sé mórán machnamh air roimhe seo. É sin ráite deir Ó Cuanaigh gur fhoghlaim sé ana chuid uaidh ó thaobh an slí go mbíonn Galvin ag smaoineamh ar an gcluiche agus an díograis atá aige don chaid. Bíonn sé ag lorg caighdéan an ard i gcónaí agus chuaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin ar Ó Cuanaigh gur cheannaigh sé labhair Galvin agus tá sé á léamh faoi láthair.

Bhí ana chuid campaí traenála acu ar fud fad na tíre maraon le ana chuid taisteal dos na h-imreoirí ar fad mar bhíodar ag iarraidh an chaid a imirt lena gclubanna áitiúla féin freisin. Ní mór ná éasca a bhí na campaí ach oiread mar go raibh gníomhaíochtaí le dhéanamh i ngach campa anuas ar an traenáil caide agus ansin bhí cluiche chuile seachtain acu i gcoinne clubanna ar nós, Naomh Bríd, An Airm, Páirc an Mhóinteáin, Cill Chuimín agus cúpla club eile.

Labhair Ó Cuanaigh faoin ghortú a fuair sé ina ghualainn nuair a raibh sé ag imirt i gcoinne an Airm, ceann dos na cluichí is fisiciúla a d’imir sé riamh. Deir sé gur cuimhin leis gur tháinig leaid síos go trom ar a ghualainn ach lean Ó Cuanaigh ar aghaidh leis ag imirt. B’é an mhaidin ina dhiadh ansin nuair a dhúisigh sé agus ní raibh sé in ann a lámh a bhogadh, bhí a fhios aige go raibh rud éigin mícheart.  Gortú dhá mhí a bhí ann ag an deireadh agus deir Ó Cuanaigh gur bhraith sé de bharr nach raibh sé in ann imirt nó faic go mbeadh seans ann gurb é féin a bheadh suas don díbirt.

I chuile campa phiocadar triúir leaids agus bheadh duine den triúir ag dul abhaile ansin ag deireadh na gcampa sin agus bhraith Ó Cuanaigh théis sé seachtaine a bheith gortaithe go mbeadh sé i mbaol é féin agus thiomáin sé go Ciarraí nuair a raibh campa thíos ann. Ansin thiomáin sé thar nais go Baile Átha an Rí mar go raibh cluiche Craobhchomórtais ag a gclub féin agus ansin thiomáin sé síos go Ciarraí an maidin ina dhiadh arís chun faire ar na Underdogs ag imirt. Ní raibh sé féin ag imirt in aon cluiche de dheasca an ghortú a bhí aige ach thaispeáin sé an díograis a bhí aige, cé go ndeirtear go raibh sé beagáinín craiceáilte.

Ní raibh Ó Cuanaigh thar nais i gceart ach cúpla lá roimh an cluiche mór a bhí acu i gcoinne Baile Átha Cliath agus b’é Johnny Cooper a bhí á mharcáil aige. B’é Ó Cuanaigh duine dos na h-imreoirí Underdogs ba mhó a bhí le feiscint ar an liathróid an oíche sin agus cé ná raibh toradh iontach mhaith acu dheineadar an iarracht go deo.

Deir Ó Cuanaigh ná raibh sé lán-sásta lena thaispeántas féin an oíche sin,

“Dúradh liom go rabhas le feiscint ar an liathróid go minic ach ní raibh mé lán-sásta le mo thaispeántas féin de dheasca ana chuid botúin, thit cic saor a thógas gar, chailleas an seans báide a thógaint. B’shin iad na rudaí a bheidh mé ag féachaint siar ar go deo.”

É sin ráite labhair Ó Cuanaigh faoin atmaisféar a bhí i Pháirc Parnell an oíche sin agus slua de thart ar 5,000 duine ag an gcluiche. Deir sé go raibh an torn agus an glór a bhí ann iontach ar fad agus b’shin é an slua ba mhó a d’imir Ó Cuanaigh os comhair riamh ina shaol. Deir sé go ndúirt duine dos na leaids leis go mbíonn 20 uair an méid sin daoine i bPáirc an Crócaigh nuair a bhíonn Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar siúl agus brú ollmhór a bhíonn ar na h-imreoirí.

Bhain Ó Cuanaigh an-shásamh as an aistear a bhí aige leis na Underdogs agus cé nár fuaireadar an toradh a bhí uathu i gcoinne Baile Átha Cliath is léir gur réalt óg é atá díograiseach don chaid.

Peileadóir óg é Ó Cuanaigh ba chóir faire amach dó sa todhchaí mar is léir go bhfuil sé ag iarraidh dul chun chinn a dhéanamh. Tá sé díograiseach agus tá cumas na caide aige freisin.