Beidh Peter Mulryan ag insint a scéal ar Finné clár fáisnéise TG4 anocht

0
1088
Galway Daily news Tuam Home survivor Peter Mulryan tells his story on TG4 documentary Finné

Beidh an clár fáisnéise de chuid TG4, Finné, ag tabhairt scéal Peter Mulryan a rugadh in Áras na Máithreacha agus Naíonán Thuama chughainn.

Is sraith de chláracha fáisnéise é Finné atá coimisiúnaithe ag TG4 agus é ag fiosrú chuid dos na h-eachtraí is dorcha de tragóid agus náire a bhí ag tarlú in Éireann.

An tseachtain seo beifear ag féachaint ar na himeachtaí mórthimpeall Áras na Máithreacha agus Naíonán Thuama, agus an ghoill a bhí ag na himeachtaí ar dhuine amháin ach go háirithe.

Beidh Peter Mulryan a rugadh in Áras na Máithreacha agus Naoínán Thuama i 1951 ag insint a scéal féin anocht ar an clár Finné a bheas ar siúl ag a 9.30 anocht 19ú Meán Fómhair ar TG4.

Insíonn an sraith Finné an taobh daonna de chuid dos na scéaltaí is mó atá théis na cinnlínte a shroicint le 50 bliain anuas.

Má chailleann tú an clár anocht, Dé Céadaoin 19ú Meán Fómhair d’fhéadfá é a fháil ar an RTÉ iPlayer.