Báisteach go Deo! – Tógra mar chuid de Gaillimh 2020

0
1182
Galway Daily weather Wet start to the New Year but brighter colder weather coming our way

Báisteach go Deo!, seo tógra mar chuid do Gaillimh 2020 dírithe ar déagóirí idir 14-19.

Teastaíonn ó Báisteach go Deo ár caidreamh leis an aimsir anseo sa Ghaillimh a n-athrú, agus mar sin sa mbliain 2020 beidh an Gaillimh an áit le teacht mar go mbíonn sé ag báisteach agus ag séideadh.

An aidhm atá acu ná chun na daoine agus na h-áiteanna a dhéanamh níos athléimneach maidir leis an aeráide.

Is é Báisteach go Deo, ceardlann 5 lá atá i gceist, tógra mar chuid Gaillimh 2020 a bheas ar siúl ón 13ú go dtí an 17ú Lúnasa 2018 agus atá dírithe ar déagóirí idir 14-19 bliain d’aois.

Is é an aidhm a bhaineann leis an ceardlann seo, ná chun mionghineadóirí a dhearadh a n-úsáidfidh cumhacht in-athnuaite chun fuinneamh a thabhairt do seirbhísí ionas go mbeadh sé níos éasca bheith lasmuigh faoin aer ba chuma cén sort aimsir a bheas ann.

Le tacaíocht ó foireann d’ealaíontórí agus innealtóirí, thar cúig lá, beidh na iomaitheoirí ábalta a chuid smaointí a fhorbairt ó coincheapanna tríd go miondeartha.

Beidh siad uilig ag foghlaim faoi giniúnt fuinneamh in-athnuaite ón gaoth, uisce, daonna agus foinsí eile agus déanfaidh siad tobsmaointeoireachta ar cén seirbhísí a d’fhéadfaí cumhachtú chun gníomhaíocht faoin aer a tacú.

Níl ach 25 áit ar fáil ar an ceardlann seo agus tá sé riachtannach d’áit a chur in áireamh roimh ré. Níl costas ar bith ar an ceardlann seo.

Is féidir clárú anseo le d’ainm, d’aois, seoladh post agus uimhir guthán mar aon le cúpla líne ag míniú cén fáth gur mian leat páirt a bheith agat sa cheardlann.

Beidh an ceardlann á rith ó 10r.n. go 4.i.n go laethúil ag an Ionad O’ Donoghue, Ollscoill na hÉireann Gaillimh agus é ag tosú Dé Luan seo chughainn an 13ú Lúnasa.