Foireann na Ghaillimhe ainmnithe do ath-imirt Craobh Laighean

0
932
Craobh Laighean - Galway Daily

Tá an cúig fhear déag a bheas ag tosú don Ghaillimh san ath-imirt do Craobh Ceannais Laighean ainmnithe.

Théis ar críochnaigh Craobh Ceannais Laighean a bhí ar siúl i bPáirc an Crócaigh an tseachtain seo chaite ar chomhscór beidh an ath-imirt ar siúl Dé Domhnach an 8ú Iúil.

Caithfear an Craobh Ceannais Laighean a thabhairt chuig Staid Semple i dTurlas, Tiobrad Árann ar an Domhnach de bharr go bhfuil ceolchoirm Michael Bublé ar siúl i bPáirc an Crócaigh oíche Dé Satharn.

Tá leaids na Gaillimhe ag siúl go mbeidís ag tabhairt an Corn Bob’ O Keefe trasna na Sionnaine thar nais go dtí an Ghaillimh tráthnóna Dé Domhnach ach beidh orthu an bua a fháil ar na cait (Cill Chainnigh) ar dtús.

An céad 15 atá ainmnithe don ath-imirt Craobh Ceannais Laighean ná:

  1. James Skehill (Ceapach an tSeagail)
  2. Adrian Tuhoy (Beithe)
  3. Daithí de Búrca (An Turloch Mór)
  4. John Hanbury (Rathún – An Caisleán Nua)
  5. Padraic Mannion (Áth Eascrach – Fothaine)
  6. Gearoid McInerney (Órán Mór-Meáraí)
  7. Aidan Harte (Gort Inse Guaire)
  8. Johnny Coen (Baile Locha Riach)
  9. David de Búrca (Capt) (Naomh Thómais)
  10. Joseph Cooney (Na Sáirséalaigh)
  11. Joe Canning (Port Omna)
  12. Niall de Búrca (Órán Mór-Meáraí)
  13. Conor Whelan (Cinn Mhara)
  14. Conor Cooney (Naomh Thómais)
  15. Cathal Mannion (Áth Eascrach – Fothaine)

Beidh an ath-imirt don Craobh Laighean idir na cait (Cill Chainnigh) agus an Ghaillimh ar siúl ar an Domhnach seo i Staid Semple i dTurlas ag a 3.i.n.