An Phrom Bóthar na Trá le dúnadh ag a 9 Maidin Amárach

0
988
Galway Daily weather Weather warning for heavy rain in Galway tonight

De dheasca an rabhadh stádas oráiste don aimsir tuartha do maidin amárach tá an Phrom, Bóthar na Trá le dúnadh óna 9 a chlog ar maidin.

Bhuail an fhoirann aimsire measúnaithe atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimmhe inniu (Máirt) chun athbhreithniú a dhéanamh ar réamhfháisnéis na h-aimsire don chuid eile don tseachtain.

Tá rabhadh stádas buí in áit d’Éire amárach Dé Céadaoin, 28ú Samhain óna 5r.n. go 4i.n do gaothanna láidir de dheasca Stoirm Diana.

Tá rabhadh stádas Oráiste in áit do Ghaillimh ó 9r.n go 2 i.n. do gaothanna láidir agus mar réamhchuraim beifear ag dúnadh an Phrom Bóthar na Trá.

Is féidir an t-eolas is déanaí a fháil ó leathanach Facebook an Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le stádas an Phrom amárach.