An Gaillimh buailte go dona le 18 Oifig an Phoist ainmnithe le dúnadh

0
1062
Gaillimh buailte go dona - Oifig an Phoist Galway Daily

D’fhógraíodh inniu go bhfuil thart ar 160 Oifig an Phoist le dúnadh mórthimpeall na tíre agus tá an Gaillimh buailte go dona.

Buaileadh an Gaillimh go dona inniu nuair a d’fhógraíodh go mbeidh 18 oifig an phoist le dúnadh i mbliana sa Gaillimh, an méid is mó Oifig an Phoist sa tír a bheas á dhúnadh. B’iad Dún na nGall le 17 Oifig an Phoist agus Co. Chiarraí le 12 Oifig an Phoist na contaetha eile a bhuaileadh go dona.

Tá seo ag tárlú théis margadh a bheith déanta idir An Post agus Aontas an Máistir Poist áit a mbeidh 160 Máistir Poist ag éirí as mórthimpeall na tíre. Dúradh go bhfuil 16 Oifig an Phoist dúnta cheana agus go bhuil 18 le dúnadh anseo sa Gaillimh.

S’iad na Oifig an Phoist anseo sa Gaillimh atá fógartha le dúnadh ná:

  • Baile Uí Chonaíle
  • Baile Átha Glúinín
  • Béal Átha Mó
  • An Chloch Bhreac
  • Baile Uí Chlúmháin
  • Corr na Móna
  • Dún an Uchta
  • Na Garfráin
  • Glinsce
  • Indreabhán
  • Cill Tulach
  • An Choill Bhreac
  • Leitir Meallain
  • Mionlach
  • Maigh Ard
  • An Cnoc Breac
  • Rinn Mhaoile
  • Móta

Níos luaithe sa mhí, bhí achainí ar líne ag muintir Indreabhán don Oifig an Phoist atá ann agus iad ag iarraidh go gcoiméadfar í de bharr an tábhacht atá ann don pobal ar fad. Ainmníodh an Oifig an Phoist sin ar cheann dos na Oifigí a bheas ag dúnadh.

Is féidir liosta iomlán dos na hOifig an Phoist a bheas á dúnadh mórthimpeall na tíre a fheiscint anseo.