An Chaid nó Craobh an Chorn Domhanda – cén cheann a phiocas tú?

0
876
An Chaid - Galway Daily

Tá an Chaid agus Craobh an Chorn Domhanda fógartha le bheith ar siúl ag an t-am chéanna i gceann seachtaine ar an 15ú Iúil.

Cén cheann a phiocas tú? An í an caid bun agus barr do shaol nó an caillfidh tú an chluiche caide chun faire ar Craobh an Chorn Domhanda?

Tá a fhios ag madraí an bhaile gurb í Craobh an Chorn Domhanda a bheas ar siúl i chuile tigh tabhairne mórthimpeall na hÉireann agus i bhfad i gcéin ar an 15ú Iúil.

Ach d’fhógar an Chumann Lúthchleas Gael (CLG) go mbeidh an cluiche caide idir Ciarraí agus an Ghaillimh ar siúl i bPáirc an Crócaigh ag a 4.i.n ar an 15 Iúil. B’shin í an t-am chéanna a bheas Craobh an Chorn Domhanda ar siúl.

Mar Ciarraíoch i’m chónaí anseo sa Ghaillimh ba bhreá liom an cluiche caide a fheiscint i tigh tabhairne agus mé ag tabhairt gach screadaíl is béic liom, ach is léir anois nach dtárlóidh san mar gurb í Craobh an Chorn Domhanda a bheas ar siúl i ngach áit.

Chaitfear an cheist a chur, cén fáth nach raibh an CLG in ann am an cluiche a athrú, mar is léir go mbeidh mórchuid do lucht leanúna an chaid ag iarraidh Craobh an Chorn Domhanda a fheiscint freisin.

Céard a bheas tusa ag faire ar, an chaid nó an Craobh an Chorn Domhanda? Tabhair do vóta sa poll atá thíos againn.

[socialpoll id=”2510450″]