619 othar ag fanacht ar leaba in Ospidéal Choláiste na hOllscoile Gaillimh i rith Mí Lúnasa

0
892
Méid othar ar thralaithe in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe - Galway Daily

Tá Lúnasa imithe anois agus beifear ag súil nach mbeidh na fadhbanna céanna i Mí Meán Fhomhair agus a bhí ann i Mí Lúnasa maidir le othar ag fanacht ar leaba.

B’í an Lúnasa is measa do róphlódú sna hOspidéal in Éireann a d’fhógar an INMO inné, Dé hAoine le líon mór othar ag fanacht ar leaba ins na hOspidéal ar fad mórthimpeall na tíre.

Thaispeán an anailís míosúil a bhíonn ag an INMO go raibh ar 7,911 othar fanacht ar cathaoireacha nó tralaithe i Lúnasa 2018 – sin méadú do 2% ó anuraidh. Bhí 30 gasúir i measc na figiúrí sin a raibh orthu fanacht gan leaba.

Bhí Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh ar an dara ospidéal is measa le fadhbanna róphlódú i Mí Lúnasa, le 619 othar ag fanacht ar leaba.

B’é Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Luimneach a raibh an méid is mó fadhbanna róphlódú le 969 othar ag fanacht ar leaba agus bhí 604 othar ag fanacht ar leaba in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.