30 bliain de Ceol, Ól agus Craic á céiliúradh ag Taaffes ar an nDéardaoin

0
1520
Taffes, 30 bliain do Ceol, Ól agus Craic - Galway Daily

Beidh 30 bliain de Ceol, Ól agus Craic á céiliúradh ag Teach Tábhairne Taaffes ar an nDéardaoin.

Ar an nDéardaoin beag seo, an 11ú Deireadh Fómhair beidh na sluaite daoine ag teacht le chéile chun 30 bliain de ceol, ól agus craic a chéiliúradh i Teach Tábhairne Taaffes atá lonnaithe i gcroílár Cathair na Gaillimhe.

Muintir Lally ón Spidéal ó dhúchas dóibh atá i gceannas ar an ghnó seo le 30 bliain anuas agus iad ag dul ó neart go neart chuile bhliain.

Labhair bainisteoir Taaffes, Pádraig Lally le Galway Daily faoin saol sa Teach Tábhairne go dtí seo agus an nasc láidir atá acu, ní amháin leis an cheol, agus an CLG ach leis an Ghaeilge freisin.

Thóg athair Pádraig Lally, Martin Lally, seilbh ar an ghnó sa bhliain 1988 agus an príomh chuspóir a bhí aige ag an am ná teach tábhairne tuaithe a thabhairt go dtí an chathair agus an aidhm sin sprioctha acu go deimhin.

“Bhí m’athair ag iarraidh Country Pub a chur isteach sa chathair, agus nuair a rinne sé é sin choimeád sé an teach tábhairne mar a bhí agus 30 bhliain ina dhiadh sin táimid anseo réidh le céiliúradh,” a dúirt Pádraig.

Go luath sna 80dí roimh ar thóg Martin Lally greim ar an ghnó bhí fear darbh ainm Billy Lawless mar úinéir ar an mbeár agus ní raibh ceol ar bith aige istigh ann, teach tábhairne ciúin cathrach a bhí i gceist.

Nuair a tháinig Martin Lally isteach mar úinéir ar an mbeár chur sé a stampa féin air agus é ag chur seisiúin traidisiúnta ceol ar siúl i rith an lae agus 30 bhliain dar gcionn tá an cheol sa teach tábhairne níos láidre ná mar a bhí riamh.

Martin Lally Úinéir Taaffes taobh thiar den mbeár

Bíonn 14 seisiún ceol acu chuile seachtain, agus uaireanta bíonn i bhfad níos mó ná sin i gceist nuair a dtosnaíonn ceoltóirí go luath ar maidin agus fanann siad ag seinnt tríd na hoíche.

Ní hé an ceol an t-aon ní go bhfuil Taaffes clúiteach dó ach freisin an nasc láidir atá acu leis an CLG.

Fé láthair tá captaen foireann Caide na Gaillimhe, Damien Comer ag obair sa mbeár mar aon le fear ón Spidéal Fintan O Cuanaigh atá ar phainéal na Underdogs, clár caide atá le feiscint ar TG4.

Tá nasc láidir ag neart peileadóirí eile le Taaffes, le geansaithe peile agus pictúirí do pheileadóirí ar na fallaí, geansaithe Seán Óg de Paor agus Declan Meehan iar imreoirí le foireann caide na Gaillimhe san áireamh. D’oibrigh Sean Armstrong sa mbeár freisin agus scor sé ó foireann caide na Gaillimhe níos luaithe i mbliana.

Ní hiad peileadóirí na Gaillimhe amháin atá théis am a chaitheamh sa mbeár, le neart peileadóirí ón Ríocht théis cuairt a thabhairt ar an teach tábhairne síos tríd na blianta, Colm Cooper, Paul Galvin agus Tomás ó Sé san áireamh.

Labhair Pádraig faoi na oícheanta iontach a bhí acu sa mbeár le ana chuid dhaoine mór le rá théis cuairt a thabhairt ar an mbeár, san áireamh, Mick Lally (Miley ó Glenroe, ar dheis dé go raibh a anam), Robbie Fowler ó Learpholl, Christopher Llyod ó Back to the Future, Iar bhainisteoir do foireann sacair na hÉireann Brian Kerr, Dolores Keane, Sean Keane agus na Clancy Brothers agus a thuilleadh eile ar ndóigh.

Is gnó teaghlaigh í Taaffes le go leor den teaghlach ag obair ann ag céim amháin nó i gceann eile. Faoi láthair tá dheartháir Pádraig, Diarmuid fós ag obair sa teach tábhairne agus an deartháir is óige ag déanamh cúpla uair a chloig anseo agus ansiúd fad is atá sé thar nais ó na Stáit Aontaithe.

Lábhraítear Gaeilge sa teach tábhairne freisin agus tá seans maith agat go gcomhlíonann tú do chuid aisling sa teach tábhairne, mar dar le Pádraig is iomaí an lánúin atá le chéile anois théis casadh ar a chéile i Taaffes.

Chuirfear fáilte roimh chuile dhuine gur mian leo buaileadh isteach go Taaffes istoíche amárach an 11ú Deireadh Fómhair chun a bheith leo agus iad ag céiliúradh 30 bhliain de Ceol, Ól agus Craic.

Seo a leanas an sceideal atá acu don Oíche:

  • Tosnóidh Seisiún trad ag a 5.30i.n. agus tugadh chuireadh dos na ceoltóirí uilig a bhí ag seinnt sa teach tabhairne síos tríd na blianta teacht thar nais don oíche.
  • Ansin ag a 8.30 istoíche beidh Ollie Turner ó Galway Bay FM ag dul ar stáitse agus beidh seisean ag chur agallamh ar Martin Lally, mar aon le chuid dos na custaméirí rialta, agus cuid dos na ceoltóirí.
  • Beidh Aidan Tierney ó Tierney Talks ar stáitse thart ar a 9i.n agus é ag déanamh léirithe agus cúpla skit.
  • Beidh an Flat Out Ballad Band a bhíonn ag seinnt i Taaffes chuile oíche Déardaoin ag imeacht ar stáitse thart ar a 9.30i.n don oíche.

Buailigí isteach ar an nDéardaoin 11ú Deireadh Fómhair chun páirt a ghlacadh sa chéiliúradh a bheidh ag leanúint ar feadh an deireadh seachtaine áit a bheas neart Ceol, Ól agus Craic.