Páistí na Gaillimhe – Seo bhur deis páirt a glacadh sa Junior Eurovision

0
911

Tá deis ag páistí na Gaillimhe páirt a glacadh sa Junior Eurovision 2018 agus ní gá ach iarratas a chur isteach.

Faoi láthair tá TG4 ag lorg iarratais do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision.

Deis den scoth a bheas ann do pháistí óga a bheith mar ionadaí d’Éireann ag an Junior Eurovision i mbliana agus iad ag canadh os comhair na milliúnta lucht féachana.

Má tá tú idir 9-14 ar an 25/11/18 tá seans ann gur tusa a bheadh ag canadh i Minsk, Belarus i Mí na Samhna 2018.

I 2015 b’í Aimee Banks an chéad buaiteoir do TG4 agus sheol sí creatha síos dromlach chuile duine sa Bhulgáir lena amhráin ceoldrámata i nGaeilge Réalta Mara.

I 2016 bhuaigh Zena Donnelly agus beagnach shéid sí an díon ón stáid i Malta leis an amhráin Bric ar Bríce.

Anuraidh, 2017 b’í Muireann McDonnell a bhuaigh agus chuir sí chuile duine i Seoirsia faoi draíocht lena guth agus an amhráin álainn Súile Glasa.

Caitheann sin an chomórtas ar oscailt do 2018. Cé a mbeas an mbua acu? Cé a rachaidh leo go dtí an Bhealarúis?

Seo deis don scoth duit do guth agus do cheol a cur i láthair os comhair na milliúnta daoine thar an Eoraip agus tú mar ionadaí d’Éireann.

Chun an deis seo a thógaint ní gá duit ach d’iarratais a chuir isteach roimh an dáta dúnadh ar an 23/7/2018.

Caithfear cead a fháil ós na tuismitheoirí chun páirt a glacadh sa chomórtas agus tá air do mháthair nó d’athair an iarratais a líonadh amach.

Is féidir é sin a dhéanamh anseo áit a bhfuil liosta dos na rialacha ar fad le fáil freisin.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil is féidir glaoch a chur ar 01-284 3877.