Gradaim an Mhéara seolta – ainmniúcháin á lorg

0
1425

Seoladh Gradaim an Mhéara i halla na cathrach i rith na seachtaine agus ainmniúcháin á lorg anois do na Gradaim Bhliantúla. Is buaiteoirí iad gach duine a fhaigheann ainmniúchán a deir an méara.

Is buaiteoirí iad na hoibrithe deonacha go léir a fhaigheann ainmniúchán do Ghradaim an Mhéara – sin a deir Méara Chathair na Gaillimhe an tseachtain seo. Bhí an Comhairleoir Pearce Flannery ag labhairt ag Gradaim an Mhéara á seoladh don 15ú Bliain ag Halla na Cathrach agus tá sé ag iarraidh ar mhuintir na Gaillimhe anois oibrithe deonacha nach bhfaigheann aon íocaíocht a ainmniú dá gcuid oibre sa phobal i gCathair na Gaillimhe.

Tabharfaidh Gradaim an Mhéara aitheantas arís do dhaoine agus d’eagraíochtaí den scoth a mbíonn tionchar ollmhór acu ar ardchaighdéan saoil ina bpobal féin i gCathair na Gaillimhe trí iad a bheith gníomhach i ngníomhaíochtaí pobail agus deonach agus gan aon íocaíocht a fháil acu ina leith.

Táthar ag lorg ainmniúcháin anois ó mhuintir Chathair na Gaillimhe do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí do Ghradaim an Mhéara. Tá 9 nGradam aonair de chuid an Mhéara ann:

  • Gradam na nEalaíon, Cultúr, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge
  • Gradam do Chúrsaí Comharsanachta agus Áitritheoirí
  • Gradam do Sheirbhís Pobail & Cuimhsiú Sóisialta
  • Gradam d’Oibrí Deonach Scothaosta na Bliana
  • Gradam d’Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
  • Gradam do Ghasúir agus don Óige
  • Gradan d’Oibrí Deonach Óg na Bliana
  • Gradam Inbhuanaitheachta ó thaobh an Chomhshaoil
  • Gradam Oibrí Deonach na Bliana Chomairle Cathrach na Gaillimhe.

Bronnfa trófaí atá comisiúnaithe go speisialta agus seic €500 ar bhuaiteoirí na nGradam éagsúla. Bronnfar Teastas an Mhéara atá deartha go speisialta ar gach duine a fhaigheann ainmniúchán ag searmanas na nGradam a bheidh ar siúl i Mí na Bealtaine in Óstán an Radisson Blu i nGaillimh.

Is é an 10ú Aibreán an dáta deireanach a nglacfar le hainmniúcháin agus is féidir na foirmeacha ainmniúcháin a fháil ó Halla na Cathrach, ó Leabharlanna na Cathrach agus is féidir iad a íoschóipéail ag www.galwaycity.ie/pobal-cultur/mayors-awards/cuimsiu-soisialta-2

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi Ghradaim an Mhéara ag www.galwaycity.ie/pobal-cultur/mayors-awards/cuimsiu-soisialta-2 nó is féidir glaoch ar 091 536 406