Traidisiún na Tithe Tabhairne le bheith dúnta ar Aoine Chéasta á coiméad ag Tigh Chadhain

0
1044
Aoine an Chéasta dúnta

Tá traidisiún na tithe tabhairne le bheith dúnta á coimeád ag Tigh Cadhain i Chonamara agus iad ag fanacht dúnta do Aoine an Chéasta, inniu.

Chuile bhliain le nócha h-aon bliain anuas, bhí ar na tithe tabhairne mar aon leis na siopaí-eischeadúnas a dhúnadh ar Aoine Chéasta faoi rialú a bhí ann ó 1927, a chur choisc le alcól a dhíol.

I mí Eanair 2018 chuireadh reachtaíocht tríd an Dáil a thug an cead do na tithe tabhairne agus na siopaí-eischeadúnas a bheith ar oscailt ar Aoine an Chéasta i mbliana.

Dhein Mícheál Ó Cadhain, úinéar Tigh Cadhain, atá lonnaithe i Chonnamara an cinneadh gan oscailt agus an traidisiún a bhí aige chuile bhliain a choiméad.

“Dheineas an cinneadh na doirse a choiméad dúnta mar is traidisiún domsa atá ann. Is tigh tabhairne beag sinn agus ní bhíonn ach dhá lá in aghaidh na bhliana saor again, Aoine an Chéasta agus Lá Nollag.”

“Dom féin an cinneadh ceart a bhí ann ná an lá a thógaint saor agus píosa beag péinteáil a dhéanamh chun an teach tabhairne a ullmhú don tSamhraidh.”

Tá Tigh Cadhain lonnaithe ar Slí an Atlantach, i Cill Chiaráin i gcroílár Gaeltacht Chonamara ag féachaint amach ar Bá Cill Chiaráin. Dúirt Míchéal leis gur chuireadh iontas ar faoin méid poiblíocht a bhí ann faoin cinneadh atá déanta aige na doirse a choiméad dúnta. Le cúpla lá anuas bhí mórchuid cainte ar siúl ar na méansosialta faoi oscailt na tithe tabhairne ar Aoine Chéasta ach cheapainn Mícheál nach mairfidh an caint sin ar feadh i bhfad.

“Cheapann gach éinne gur rud iontach é seo agus Éire nua-aoiseach atá ann anois. Is é oscailt na tithe tabhairne atá caint ar fad ar líne bunaithe air. Tá a fhios agam féin théis cúig bliaina nó mar sin de go mbeidh seo athraithe ar fad.”

“Beidh sé ar nós aon lá eile, más mian le daoine dul go tigh tabhairne beidh siad in ann ach i mbliaina mar is rud nua é is príomhábhair cainte é.”

“Dom féin táim ag fanacht dúnta mar ní thárlaíonn sé go minic go mbíonn lá saor agam. Mar úinéir gnó bíonn ort a bheith ann i gcónaí chun fadhbanna a réiteach agus mar sin táim chun leanúint leis an traidisiún a bhí ann, agus a bheidh agam féin dos na blianta amach romhainn.”

Is féidir Tigh Cadhain a leanúint ar Facebook agus beidh an tigh tabhairne ar oscailt arís amárach.