Tóraíocht ag cur tús lena camchuairt náisiúnta sa Ghaillimh ar an 9ú Aibreán

0
775

Leis an comhlacht drámaíochta Fíbín ag céiliúradh 15 mbliain ar an bhfód i mbliana beidh an léiriú is mó a thugadar faoi go dtí seo i stair na chomlachta, Tóraíocht,  ag cur tús lena camchuairt náisiúnta i Mí Aibreán.

Tá Fibín ar an comhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn. Cuireann siad saothair nua agus chlaiseacha ar stáitse ar shlí cruthaitheach agus i stíl ar leith. Is é an aidhm atá acu ná lucht féachana agus déantóirí drámaíochta a cruthú sa todhcaí lena gcuid léirithe spreagúla.

Beidh an camchuairt náisiúnta do Tóraíocht á tosnú sa Ghaillimh an tseachtain seo chughainn idir an 9ú agus 10ú lá sa Town Hall Theatre.

Tá deis agaibh dul go Tóraíocht ag a 8.oo i.n. ar an 9ú lá agus tá sé le bheith ar siúl i rith an lae agus san oíche ar an 10ú lá mar sin tá deis agat é a fheiscint ar a 1.oo i.n. nó ag 8i.n. an tarna oíche.

Léiríonn Fibín Tóraíocht – leagan nua den scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne – curtha in oiriúnt agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é Tóraíocht a úsáideann amharcíomhánna cumhachtacha.

Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás caranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa sceál agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna!

Tá cliar iontacht sa dráma – Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Gráinne Bleasdale, Fionnuala Gygax agus Seán T. Ó Meallaigh agus beidh fotheidil Béarla ann do gach léiriú.

Is féidir an Pacáiste Réamh-rannpháirtíochta do scoileanna a fháil anseo. Tá eolas ealaíne agus oideachasúil ann maidir le téamaí an dráma, stíl an dráma, dearadh seit, soilsiú agus is fiú go mór dul tríd leis na daltaí chun go mbainfidh siad oiread taithnimh agus is féidir as an seo.

Costas €16/€12 ar na ticéidí agus is féidir tuileadh eolas a fháil anseo.