Tionscnaimh Straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta

0
860
Tionscnaimh Straitéiseach

Mar chuid do Tionscnaimh Straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta táid ag diriú isteach ar Páirc na Mara.

Tá 5 Tionscnaimh Straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta faoi Phlean Straitéiseach 2018 – 2020 ag díriú isteach ar chósta an Iarthar don chuid is mó.

Sa Ghaillimh féin táid ag diriú isteach ar Páirc na Mara, seo a leanas an ráiteas a tugtar maidir le Páirc na Mara.

“Tá forbairt tograí fuinnimh in-athnuaite, acmhainní nádúrtha agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha lárnach i straitéis na heagraíochta.

“Déanfar Páirc na Mara, páirc nuálaíochta muirí íseal-charbóin nuaaimseartha a fhorbairt ar láthair tuairim is 45 míle siar ó Chathair na Gaillimhe.

I gcomhairle le páirtithe straitéiseacha cuirfear pleananna i dtoll a chéile ar bhun comhoibríoch, a chuirfidh ar chumas Údarás na Gaeltachta páirc nuálaíochta muirí chomhaimseartha a fhorbairt, chun fás san earnáil a chur chun cinn agus chun fás eacnamaíoch agus fostaíochta sa gceantar a chumasú.

“Samhlaítear go mbeidh forbairt Pháirc na Mara ina chumasóir tábhachtach i leith fhorbairt an tionscail mhuirí iomláine, ní amháin i gceantar Chonamara Láir ach ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta freisin.

“Cuimseoidh an tsaoráid gníomhaíochtaí éagsúla de chuid an réimse mhuirí agus beidh fiontair de chuid na hearnála táirgiúla, comhlachtaí poiblí, gníomhaireacha forbartha stáit agus an pobail taighde ag comhoibriú lena chéile inti d’fhonn breisluach a chur lena dtáirgí agus lena seirbhísí agus d’fhonn uasmhéadú as dhéanamh ar chumas forbraíochta na hearnála muirí sa réigiún.”

B’shin í an ráiteas a thug Údarás na Gaeltachta maidir le Páirc na Mara, agus í mar cheann dos na 5 Tionscnaimh Straitéiseach atá acu ó cheann 2018-2020.