TG4 le rugbaí PRO14 Guinness a craoladh beo

0
760
TG4 a bheas ag craoladh rugbaí PRO14 Guinness - Galway Daily

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le séasúr rugbaí PRO14 Guinness a bheas á craoladh beo ar TG4.

Beidh TG4 ag craoladh 28 cluiche beo mar aon le craoladh iarbheo a dhéanamh ar 9 gcluiche eile idir cúigí.

Beidís ag craoladh buaicphointí chluichí an deireadh seachtaine freisin chun chinntiú go mbeidh an t-aicsean is fearr ó shraith Guinness PRO14 le fáil ag lucht féachana na hÉireann as seo go dtí Cluiche ceannais an PRO14 ar Pháirc na gCeilteach i nGlaschú Dé Sathairn an 25 Bealtaine.

Cluiche stairiúil a bheidh i gcluiche ceannais na bliana seo beag beann ar na foirne a bheidh ann mar gurb í an chéad uair í a n-imreofar an cluiche ceannais i Parkheas i nGlaschú, an baile ag cumann sacair na gCeilteach.

Ag an Sportsground i nGaillimh inné ag seoladh chlúdach TG4 ar an séasúr nua, dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha:

“Tá TG4 an-bhródúil as an gceangal seo atá againn leis an gcomórtas, ceangal atá ann ó 2001.

“Táimid ag súil cluichí na sraithe PRO 14 Guinness a thabhairt chuig lucht féachana agus lucht leanúna rugbaí ar fud na hÉireann ar sheirbhís saor go haer sna míonna atá ag teacht le 28 cluiche díobh á gcraoladh beo chomh maith le buaicphointí agus craoladh iarbheo a bheith ann gach seachtain.

“Táimid sásta margadh a bheith déanta againn leis an PRO14 ar chearta teilifíe i leith na trí shéasúr atá ag teacht agus táimid ag súil roinnt cluichí iontach rugbaí a fheiceáil sna míonna atá ag teacht.”

Iris Productions a bheas i mbun an chraolacháin ar Shéasúr Rugbaí PRO 14 Guinness. Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais ina príomhláithreoir ar na cláracha agus ina teannta beidh painéal saineolaithe rugbaí – Rónán Loughney, Marcus Horan, Eoghan Ó Neachtain, Éamonn Molloy agus Eimear Considine ina measc.

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le séasúr rugbaí PRO14 Guinness le dhá chluiche a chraolfar beo ar TG4.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gcraoladh a dhéanfar ar shéasúr rugbaí na sraithe PRO 14 Guinness anseo.