An Taibhdhearc ag céiliúradh an Samhradh le mórchuid d’imeachtaí an mhí seo

0
996
Céiliúradh Mór na Taibhdheirce - Galway Daily

Tá an Taibhdhearc ag céiliúradh teacht an Samhradh agus an spota buí sa spéir le mórchuid d’imeachtaí ó anois go deireadh na míosa seo chughainn.

“Tá an Samhradh linn a chairde, agus chun an ghriain a chéiliúradh, seo roinnt de na himeachtaí iontachta atá le bheith ar árdán na Taibhdheirce idir seo agus deireadh mí Iúil.”

Seo chuid dos na imeachtaí a bheas ar siúl le linn an dá mhí san:

Sean Keane i ceolchoirm – Aithnítear é mar an guth is uathúil in Éireann beidh an ceoltóir traidisiúnta Sean Keane, ag seinnt sa Taibhdhearc ar oíche Luan trí Meitheamh agus Lúnasa an samhradh seo. Thaisteal sé mór thimpeall na Stáit ag aithriseoireacht lena dheirfiú Dolores agus thaifead sé deich albam. Ar stáite le Seán chuile oíche beidh Fergus Feely, Pat Coyne, David Doocey agus Stephen Doherty. Ná caill an deis Keane a fheiscint sa Taibhdhearc an samhradh seo. Costas €25 ar ticéid agus is féidir iad a cheannach anois

CAN! SING – Seo amhrán a bheidh dátheangach chun léiriú a fháil ar an stór saibhir amhrán a bhaineann le hiarthar na hÉireann. Tar agus éist le samplaí d’amhráin, amhráin ar an sean-nós agus filíocht Raifteirí agus Yeats le ceol ina measc. Má thagann tú ag 12.45 beidh deis agat cúpla curfá a fhoghlaim agus canadh i ridh an seó. Cuirfidh Deirbhile Ní Bhrolcháin (amhránaí) an seó amhrán seo i láthair le Ann Kirrane (guth, consairtín), Ann Sheridan (guth, cruit) agus Steve Johnston (guth, giotár). D’fhéadfadh an liosta amhránaithe athrú beagán ó lá go lá. Ticéidí €10/€8

BAOITE – Is coimisiún nua ó Amharclann na Mainistreach é BAOITE. Sceinséir dorcha faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fraiceála mara. Beidh BAOITE le feiscint ar an ardán i nGaeigle ach beidh fotheidil Béarla ag dul leis. Ticéidí €25/€20